Tom Mac Intyre

Rugadh Tom Mac Intyre i gContae an Chabháin sa bhliain 1931. Scríobhann Tom i mBéarla agus i nGaeilge. Sular thosaigh sé ag scríobh go lánaimseartha in 1965, bhíodh sé ag múineadh in Clongowes Wood College, in Ollscoil Michigan agus in Williams College, Massachusetts. Bhain sé céim mháistir amach sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Tá drámaí, filíocht, gearrscéalta agus úrscéalta scríofa aige; agus toghadh ina bhall d’Aosdána é sa bhliain 1991.

Tá idir ghradaim agus aitheantas idirnáisiúnta faighte ag Tom ó na 1970idí i leith. Taibhrítear a chuid drámaí i mBaile Átha Cliath agus taibhríodh Doobally black way, drama dá chuid, i Londain agus i bPáras in 1979. Bhuaigh a dhráma, Caoineadh Airt Uí Laoghaire (Cois Life, 1998), duais Stewart Parker in 1999. Bhuaigh sé The Irish Times / ESB Irish Theatre Best New Play Award le The gallant John Joe (Skehana Productions) i mí an Mhárta 2002. Rinneadh a dhráma Only an apple (New Island Books, 2009) a léiriú in Amharclann na Mainistreach in 2009.

Nuashonraithe Meitheamh 2017

Filíocht

Poppy’s leavetaking: new poems (New Island, 2012)
Encountering Zoe: new and selected poetry (New Island, 2010)
Tamall suirí (Coiscéim, 2004)
Stories of the wandering moon (Lilliput, 2000)
Ag caint leis an mBanríon (Coiscéim, 1997)
A glance will tell you and a dream (Dedalus, 1994)
Fleur-du-Lit (Dedalus, 1994)
I bailed out at Ardee (Dedalus, 1987)
Blood relations: versions of Gaelic poems of the seventeenth and eighteenth centuries (New Writers’ Press, 1972)

Gearrscéalta

Find the lady (New Island, 2008)
The word for yes: new and selected stories (Gallery, 1991)
The harper’s turn, réamhrá le Seamus Heaney (Gallery, 1982)
Dance the dance (Faber, 1969)

Drámaí

Only an apple (Island Books, 2009)
What happened Bridgie Cleary (New Island, 2005)
The great hunger: the gallant John-Joe (Lilliput Press, 2002)
Caoineadh Airt Uí Laoghaire (Cois Life, 1998)
Cúirt an mheán oíche/The midnight court (Cois Life, 1999)
New plays from the Abbey Theatre 1993-1995 (Syracuse UP, 1997)
‘Good evening, Mr. Collins in the dazzling dark: new Irish plays (Faber, 1996)
The great hunger: poem into play (Lilliput, 1983)
Doobally black way (Taibhrithe i Londain agus Páras, 1979)

Úrscéalta

Story of a girl (Lilliput Press, 2003)
The charollais (Faber, 1969)

Eile

Through the Bridewell gate: a diary of the Dublin Arms Trial (Faber, 1971)

Tom Mac Intyre ag Cois Life