Seán Tadhg Ó Gairbhí

Is as Ráth Caola in iarthar Luimnigh do Sheán Tadhg Ó Gairbhí.

Tá céim aige sa Bhéarla agus sa Ghaeilge ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

D’oibrigh sé mar iriseoir leis an nuachtán Foinse ó 2000 go dtí 2009 agus bhí sé mar eagarthóir ar an nuachtán sin ó 2003 go 2009. Bhuaigh sé duais ‘Iriseoir na Bliana’ ó Oireachtas na Gaeilge in 2007 agus 2008 agus arís in 2015. Nuair a dúnadh an nuachtán Foinse in 2009 thug sé seal ag obair mar Chomhairleoir Gaeilge don Rialtas. Chaith sé tréimhse ansin ag obair mar shaoririseoir, mar Eagarthóir Cúnta leis an iris Comhar agus ag léachtóireacht san iriseoireacht in Fiontar DCU. Is é eagarthóir Tuairisc.ie é ó 2014.

Bhí aiste leis i mbailiúchán aistí le hiriseoirí mór le rá, Scéal scéil: rúndiamhra na meán (Cois Life, 2014) agus d’fhoilsigh a shaothar faoi bhunú agus faoi fhorbairt TG4, Súil eile (Cois Life), in 2017.

Nuashonraithe Meitheamh 2017

Foilsithe

Súil eile (Cois Life, 2017)

Seán Tadhg Ó Gairbhí ag Cois Life

Súil eile

20.00