Seán Mac Mathúna

Rugadh Seán Mac Mathúna i dTrá Lí, Co. Chiarraí. D’fhreastail sé ar Choláiste Bhréanainn i gCill Airne, agus ar Choláiste na hOllscoile, Corcaigh.

Foilsíodh gearrscéalta leis go rialta san Irish Times agus san Irish Press as Béarla, agus as Gaeilge san iris Comhar. Thuill sé ionad ar leith dó féin mar ghearrscéalaí fíorchumasach leis an gcnuasach, Ding (An Comhlacht Oideachais, 1983). Bhí cáil ar leith ar úire a shamhlaíochta agus go háirithe ar a acmhainn ghrinn. Thaibhigh Amharclann na Mainistreach dráma leis in 1992, The winter thief / Gadaí géar na geamh-oíche ceithre oíche as Béarla in aghaidh na seachtaine, agus dhá oíche as Gaeilge. Thaibhigh an fhoireann chéanna gach oíche acu, rud nach ndearnadh riamh cheana i stair na drámaíochta in Éirinn; nó in aon tír bheag eile. Bhuaigh an dráma seo The Bank of Ireland Drama Prize i Lios Tuathail in 1991 freisin agus scríobhadh 17 léirmheas dhearfacha mar gheall air sna meáin. Thaibhigh Taibhdhearc na Gaillimhe a dhráma, Hula Hul (Leabhar Breac, 2007) in 1999.

Sa bhliain 1999 d’fhoilsigh sé Banana (Cois Life, 1999) an dara cnuasach gearrscéalta Gaeilge. Bhuaigh Banana Gradam Uí Shúilleabháin / Leabhar Gaeilge na Bliana in 1999. Nuair a bhí Ding agus scéalta eile agus Banana (Cois Life, 1999) as cló, d’fhoilsigh Cois Life rogha scéalta leis faoin teideal Úlla (2005). Cuireadh athchló ó shin air. Tá an-aitheantas faighte ag Seán as a chuid; léirítear scoth a shaothair sa chlosleabhar, Niall Tóibín ag léamh gearrscéalta le Seán Mac Mathúna (Cois Life, 2009). Anuas air seo, d’ainmnigh an Chomhairle Ealaíon The atheist and other stories (Wolfhound, 1987) le haghaidh Dhuais Litríochta an Aontais Eorpaigh.

Tá gradam Oireachtais buaite ag Seán dá úrscéal, Gealach (Leabhar Breac, 2012) in 2012 chomh maith, leabhar a dtugann criticeoirí ropleabhar air agus é chomh corraitheach sin.

Nuashonraithe Meitheamh 2017

Úrscéalta

Cros na sceilge (Coiscéim, 2013)
Gealach (Leabhar Breac, 2012)
Hula hul (Leabhar Breac, 2007)
Scéal eitleáin (Coiscéim, 2005)

Gearrscéalta

Úlla (Cois Life, 2005)
Banana (Cois Life, 1999)
Ceardlann 85 (Coiscéim, 1988)
Ding agus scéalta eile (An Comhlacht Oideachais, 1983)
The atheist and other stories (Wolfhound, 1987)[aistriúchán an údair féin ar Ding agus Scéalta Eile]
Blas (An Comhlacht Oideachais, 1979)
Ráfla (An Comhlacht Oideachais, 1978)

Drámaí

The winter thief (Amharclann na Mainistreach, 1992)

Closleabhar

Niall Tóibín ag léamh gearrscéalta le Seán Mac Mathúna (Cois Life, 2009)

Seán Mac Mathúna ag Cois Life