Rhiannon Watson

Rugadh Rhiannon Watson i 1977 i mBaile Átha Cliath mar a bhfuil sí féin ina cónaí lena clann. Tá Rhiannon lán-ghníomhach i dtionscnaimh oideachais trí mheán na Gaeilge. Tá suim ar leith aici sna healaíona ó bhí sí an-óg, tráth a chaitheadh sí na huaireanta ag scríobh ficsin. D’fhreastail sí ar Ollscoil na hÉireann, Baile Átha Cliath, agus bhain sí amach céim onóracha sa Ghaeilge agus sa Bhéaloideas araon. Bhí sí ina cisteoir ag an gCumann le Béaloideas Éireann agus tá Dioplóma sa Chleachtas Dátheangach gnóthaithe aici ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.

Agus í ag dul dá céim sa Ghaeilge bhíodh sí ag aisteoireacht agus ag scríobh don chumann drámaíochta i rith tréimhse a bhí an-rathúil dóibh nuair a d’éirigh leo aitheantas a bhaint amach mar chompántas sna comórtais náisiúnta drámaíochta. D’fhoilsigh Cois Life a céad leabhar An dragan feasa in 2011; scéal fantaisíochta é seo do dhaoine óga 9-12 bliain.

Nuashonraithe Meitheamh 2017

An dragan feasa (Cois Life, 2011)

Rhiannon Watson ag Cois Life