Brian Ó Raghallaigh

Léachtóir é an Dr Brian Ó Raghallaigh in Fiontar & Scoil na Gaeilge, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, áit a bhfuil bainistiú agus forbairt theicniúil na dtionscadal ainm.ie, dúchas.ie, gaois.ie, logainm.ie agus téarma.ie faoina chúram aige. Roimhe sin, bhí sé ag obair ar thionscadal sintéise Gaeilge abair.ie i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.

Léigh tuilleadh

Con Ó Ruairc

Rugadh Con Ó Ruairc i mBaile Átha Cliath agus fuair sé a chuid oideachais i gColáiste Mhuire, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (BAgrSc, MAgrSc) agus Ollscoil Cornell, Nua-Eabhrac (PhD). Chaith sé 40 bliain ag obair le Teagasc mar luibheolaí, mar eagarthóir ar fhoilseacháin eolaíochta agus mar phleanálaí taighde.

Léigh tuilleadh

Maolmhaodhóg Ó Ruairc

Rugadh Maolmhaodhóg Ó Ruairc i Ros Liath, Co. Fhear Manach sa bhliain 1941. Fuair sé a chuid bunoideachais i Scoil Naomh Tiarnach agus a chuid meánoideachais i gColáiste Phádraig, Ard Mhacha. Bhain sé BA sa Fhraincis agus sa Ghaeilge amach ó Ollscoil Náisiúnta na hÉireann, Maigh Nuad agus fuair sé Máistreacht sa Fhraincis ón ollscoil chéanna tar éis bliain a chaitheamh ar staidéar iarchéime in Université de Grenoble.

Léigh tuilleadh

Mícheál Ó Ruairc

File, gearrscéalaí agus úrscéalaí ó cheantar an Leitriúigh i gCiarraí. Rugadh sa leithinis ar a nglaotar Clochán-Bréanainn sa cheantar sin. Bhain céim B.A. amach in Ollscoil na hÉireann, Corcaigh agus MA sa Nua-Ghaeilge in Ollscoil na hÉireann.

Léigh tuilleadh

Lorcán S. Ó Treasaigh

Rugadh Lorcán S. Ó Treasaigh i Marino, Baile Átha Cliath i 1957. D’fhreastail sé ar Choláiste Eoin i Stigh Lorgan, ar Choláiste Phádraig, Maigh Nuad (BA sa Ghaeilge agus sa tSocheolaíocht) agus ar Choláiste na Tríonóide (Ard-Teastas san Oideachas).

Léigh tuilleadh