Gréagóir Ó Dúill

Rugadh Gréagóir Ó Dúill i mBaile Átha Cliath in 1946. Taistealaí tráchtála as an ardchathair ba ea a athair agus státseirbhíseach ba ea a mháthair. Bhíodh dánta leo i gcló ar irisí i mBaile Átha Cliath ó na 1930idí go dtí na 1950idí.

Léigh tuilleadh

Labhrás Ó Finneadha

Sa Spidéal, i gCois Fharraige, a tógadh Labhrás Ó Finneadha. Lean sé cúrsa léinn in Ollscoil na hÉireann Gaillimh, mar ar bhain sé MA sa Ghaeilge amach. Chun na Gearmáine a chuaigh sé ansin, áit ar chaith sé dhá bhliain go leith ag obair in Ollscoil Wuppertal.

Léigh tuilleadh

Seán Tadhg Ó Gairbhí

Is as Rath Caola in iarthar Luimní do Sheán Tadhg Ó Gairbhí. Tá céim aige sa Bhéarla agus sa Ghaeilge ó Choláiste na hOllscoile Éireann Gaillimh. D’oibrigh sé mar iriseoir leis an nuachtán Foinse ó 2000 go dtí 2009 agus bhí sé mar eagarthóir ar an nuachtán sin ó 2003 go 2009.

Léigh tuilleadh

Tadhg Ó hIfearnáin

Tá Tadhg Ó hIfearnáin ag léachtóireacht agus i mbun taighde i Léann na Gaeilge in Ollscoil Luimnigh ó 1996. Baineann formhór a chuid taighde leis an tsochtheangeolaíocht.

Léigh tuilleadh

Liam Ó Muirthile

Rugadh Liam Ó Muirthile i gCathair Chorcaí in 1950, an chéad duine de naonúr clainne. D’fhreastail sé ar Chlochar na Toirbhearta, Scoil Chríost Rí agus Choláiste Chríost Rí. Chuaigh sé chun na hollscoile i gCorcaigh, ar scoláireacht ón mBardas sa bhliain 1968, agus bhain sé Céim BA amach sa Ghaeilge agus sa Fhraincis.

Léigh tuilleadh