Michelle Nic Pháidín

Rugadh Michelle i nGlaschú, Albain ach tógadh í i nGaoth Dobhair. Bhí cónaí uirthi i mBaile Átha Cliath ar feadh roinnt blianta. Le linn na tréimhse sin, rinne sí staidéar ar an iriseoireacht in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, Sráid Aungier.

Léigh tuilleadh

Colm Ó Ceallacháin

Foilsíodh scéalta le Colm Ó Ceallacháin in Comhar, Feasta, Southword agus gorse, agus tá duaiseanna Oireachtais buaite aige ar chuid díobh sin. Bhronn an Chomhairle Ealaíon dámhachtain air in 2013 i Litríocht na Gaeilge.

Léigh tuilleadh

Seán Ó Cuirreáin

As Gaeltacht Thír Chonaill do Sheán Ó Cuirreáin ó dhúchas ach tá cónaí air le fada i nGaeltacht na Gaillimhe. Céimí de chuid Choláiste na hOllscoile, Gaillimh é; chaith sé breis agus scór bliain ag obair mar iriseoir agus mar chraoltóir ach tá taithí leathan aige i réimsí éagsúla na cumarsáide i nGaeilge agus i mBéarla.

Léigh tuilleadh

Brian Ó Dochartaí

Rugadh agus tógadh Brian Ó Dochartaí i nGleann Beithe i gContae Chiarraí. Is i gContae na Mí atá cónaí air le roinnt blianta anois. Chaith sé a shaol ina chuntasóir poiblí agus is comhalta é d’Institiúid na nEadránaí faoi Chairt é, chomh maith le bheith ina bhall de phainéal moltóirí an Bhoird um Thionóntachtaí Príobháideacha Teaghlaigh.

Léigh tuilleadh

Jo O’Donoghue

Rugadh Jo O’Donoghue in aice le Cill Airne i gContae Chiarraí agus cuireadh oideachas uirthi i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, agus i gColáiste na Tríonóide. Tá cónaí uirthi anois i mBaile Átha Cliath.

Léigh tuilleadh