Michal Boleslav Měchura

Innealtóir ríomhaireachta é Michal Boleslav Měchura. As Poblacht na Seice dó. Chaith sé tréimhse fhada ag obair le Fiontar in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus le Tionscadal an Fhoclóra Nua Béarla-Gaeilge le Foras na Gaeilge. Ba é a chruthaigh an t-infreastruchtúir ríomhaireachta ar thionscadail éagsúla i réimse na teicneolaíochta teanga, ina measc téarma.ie, logainm.ie, teanglann.ie agus potafocal.com. Tá céim mháistreachta sa ríomhtheangeolaíocht aige ó Choláiste na Tríonóide agus tréimhse caite aige mar innealtóir logánaithe bogearraí le Microsoft. Tá trí theanga daonna agus iliomad teangacha ríomhchlárúcháin ar a thoil aige. Tá sé i mbun PhD ina thír dhúchais i láthair na huaire.

Nuashonraithe Meitheamh 2017

An ríomhaire ilteangach (Cois Life, 2017).

Michal Boleslav Měchura ag Cois Life