Maolmhaodhóg Ó Ruairc

Rugadh Maolmhaodhóg Ó Ruairc i Ros Liath, Co. Fhear Manach sa bhliain 1941. Fuair sé a chuid bunoideachais i Scoil Naomh Tiarnach agus a chuid meánoideachais i gColáiste Phádraig, Ard Mhacha. Bhain sé BA sa Fhraincis agus sa Ghaeilge amach ó Ollscoil Náisiúnta na hÉireann, Maigh Nuad agus fuair sé Máistreacht sa Fhraincis ón ollscoil chéanna tar éis bliain a chaitheamh ar staidéar iarchéime in Université de Grenoble.

Chuaigh sé chuig an mBruiséil sa Bheilg ag deireadh na 1970í. Chaith sé ocht mbliana is fiche mar aistritheoir le Comhairle na n-Airí san Aontas Eorpach agus tá sé ar pinsean anois. Bhí ráchairt mhór ar chuid de na saothair leis i réimse an aistriúcháin agus na teanga, a d’fhoilsigh Cois Life. Bhí cuid mhór díobh seo as cló ach eisíodh arís iad ar dhlúthdhiosca iniata le Aistrigh leat (Cois Life, 2007). D’fhoilsigh An Gúm Athdhíolaim d’abairtí dúchasacha in 2009.

Nuashonraithe Meitheamh 2017

Foilsithe

Athdhíolaim d’abairtí dúchasacha (An Gúm, 1996, an dara heagrán An Gúm, 2009)
Aistrigh leat (Cois Life, 2007)
Ar thóir gramadach nua: in search of a grammar (Cois Life, 2006)
Séamas Mac Annaidh agus macallaí sa scáthán (Cois Life, 2001)
I dtreo teanga nua (Cois Life, 1999)
Aistrigh go Gaeilge (Cois Life, 1997)
Ainmfhocail faoi réir a chéile: nótaí gramadaí (Institiúid Teangeolaíochta Éireann, 1996)
Dúchas na Gaeilge (Cois Life, 1996)
Ó chómhargadh go haontas (Comhar, 1994)
File na dílseachta: staidéar ar théarmaí Airt Uí Mhaolfabhail in aistí dána (Mercier, 1974)

Maolmhaodhóg Ó Ruairc ag Cois Life