Lorcán S. Ó Treasaigh

Rugadh Lorcán S. Ó Treasaigh i Marino, Baile Átha Cliath in 1957. D’fhreastail sé ar Choláiste Eoin i Stigh Lorgan, ar Choláiste Phádraig, Maigh Nuad (BA sa Ghaeilge agus sa tSocheolaíocht) agus ar Choláiste na Tríonóide (Ardteastas san Oideachas). Áiríonn sé dhá scríbhneoir go háirithe a ndeachaigh a saothar i bhfeidhm air: Seosamh Mac Grianna agus Seán Ó Ríordáin. Chaith Lorcán tréimhse sa Bhreatain Bhig sna 1970í.

In 1982 bhuaigh sé duais £1,000 Guinness-Comhar ar a ghearrscéal ‘Searcscéal sceadach’. Nuair a foilsíodh a chéad úrscéal Sracfhéachaint (Coiscéim, 1986) phléigh Aisling Ní Dhonnchadha é in agallamh leis in Comhar Nollaig 1987. Tá sé ag saothrú an phróis chruthaithigh ó shin. Bhuaigh An dealbhadóir sa ghairdín (Coiscéim, 1991), duais Oireachtais i 1990. Bhí Michael Davitt ina eagarthóir liteartha ar leabhar eile le Lorcán – Comaitéir (Coiscéim, 1995). Roghnaíodh Céard é English? (2002) mar théacs ollscoile ar chúrsa Nua-Ghaeilge i gColáiste Phádraig, Má Nuad agus i gColáiste Phádraig, Droim Conrach.

Is é an saothar is déanaí leis ná an t-úrscéal Cnoc na Lobhar (Cois Life, 2007).

Nuashonraithe Meitheamh 2017

Úrscéalta

Cnoc na Lobhar (Cois Life, 2007)
Bás san Oirthear (Comhar Teoranta, 1992)
An dealbhadóir sa ghairdín (Coiscéim, 1991)
Sracfhéachaint: úrscéal gairid (Coiscéim, 1986)

Eile

Céard é English? (Cois Life, 2002) – Ficsean dírbheathaisneisiúil

Filíocht

Comaitéar (Coiscéim, 1995)

Lorcán S. Ó Treasaigh ag Cois Life