Liam Mac Amhlaigh

Scoláire litríochta agus foclóireachta is ea an Dr Liam Mac Amhlaigh. Tá sé ina léachtóir le litríocht agus teanga na Gaeilge in Ollscoil Mhá Nuad. Céimí de chuid an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus Coláiste na Tríonóide is ea é. Ar na suimeanna taighde atá aige, áirítear litríocht chomhaimseartha na Gaeilge (go háirithe an nuafhilíocht, agus saothar Michael Davitt), foclóireacht na Nua-Ghaeilge agus stair theanga na Gaeilge san fhichiú haois.

Tá sé ag obair ar dhá mhórshaothar faoi láthair: monaghraf ar fhoclóireacht na Nua-Ghaeilge san fhichiú haois (a thiocfaidh sna sála ar Foclóirí agus Foclóirithe na Gaeilge), agus saothar critice ar fhilíocht Michael Davitt agus tionchar an nua-aoiseachais ar fhilíocht na Gaeilge le céad bliain anuas.

Tá ailt foilsithe aige ar fhilí comhaimseartha eile mar Mháire Mhac an tSaoi agus Máirtín Ó Direáin. I gcomhar leis an Dr Caoimhín Mac Giolla Léith, chuir sé eagar ar an gcnuasach aistí Fill Arís: Oidhreacht Sheáin Uí Ríordáin (Cló Iar-Chonnacht, 2012). D’fhoilsigh Comhar a chéad úrscéal Teach na gColúr sa bhliain 2006, saothar a bhuaigh duais i gComórtas Liteartha an Oireachtais an bhliain sin.

Is mór an taithí atá ag Mac Amhlaigh sna daonnachtaí digiteacha agus tamall caite aige ina chomheagarthóir bunaidh ar an ríomh-irisleabhar piarmheasta acadúil COMHARTaighde; ar an bhfoireann eagarthóireachta de Irisleabhar Mhá Nuad; ina eagarthóir ar an gcartlann phórtráidí digiteacha, Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge: www.portraidi.ie, agus leabhar den teideal céanna in eagar aige (LeabhairCOMHAR, 2016). Rugadh i gCill Mhantáin agus tógadh i mBaile Átha Cliath é.

Nuashonraithe Aibreán 2018

Úrscéal

Teach na gcolúr (Comhar, 2006)

Saothar Taighde

Foclóirí agus foclóirithe na Gaeilge (Cois Life, 2008)

Obair Eagarthóireachta

Portráidí na scríbhneoirí Gaeilge (LeabhairCOMHAR, 2016)

Ilteangach, ilseiftiúil: féilscríbhinn in ómós do Nicholas Williams (Arden House, 2012)
Fill arís: oidhreacht Sheáin Uí Ríordáin (Cló Iar-Chonnacht, 2012)

Liam Mac Amhlaigh ag Cois Life