Labhrás Ó Finneadha

Sa Spidéal, i gCois Fharraige, a tógadh Labhrás Ó Finneadha. Lean sé cúrsa léinn in Ollscoil na hÉireann Gaillimh, mar ar bhain sé MA sa Ghaeilge amach. Chun na Gearmáine a chuaigh sé ansin, áit ar chaith sé dhá bhliain go leith ag obair in Ollscoil Wuppertal. D’fhill sé ar Éirinn ag tús an chéid, ach níor fhan sé mórán blianta ann nó gur chroch sé na seolta arís agus thug a aghaidh ar Lucsamburg. Bronnadh céim mháistreachta i ndlí an Aontais Eorpaigh air in 2009.

Tá giotaí beaga litríochta scríofa aige agus bhí dánta leis ar an ngearrliosta do Chomórtas Uí Néill (Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge) in 2009 agus 2010. Fuair sé an chéad áit i gcomórtas an Oireachtais (2011) do shaothar ó scríbhneoir nár foilsíodh aon leabhar leis cheana.

Foilsíodh Asarlaíocht, gorta agus teamplóirí in 2013.

Sa bhliain 2015, d’fhoilsigh Cois Life a chéad leabhar gearrscéalta, Íbíotsa, a léiríonn eachtraí beaga an tsaoil i sochaí cheilte an oileáin. Tá an saothar seo ar fáil mar leabhar cló, mar ríomhleabhar agus mar chlosleabhar.

Nuashonraithe Meitheamh 2017

Aistriúchán

Asarlaíocht, gorta agus teamplóirí (Cois Life, 2013)

Gearrscéalta

Íbíotsa (Cois Life 2015)

Labhrás Ó Finneadha ag Cois Life