Juanita Browne

Tá céim ag Juanita Browne san Eolaíocht agus tá MA aici i Staidéar ar na Meáin. Tá sí ag obair in earnáil na cumarsáide ar feadh na mblianta ag plé le leabhair, irisí, nuachtáin, agus le cláir raidió agus teilifíse. Oibríonn sí le Crossing the Line Productions, a dhéanann cláir faisnéise teilifíse maidir le stair an dúlra, lena n-áirítear Secret Life of the Shannon a bhfuil an iliomad duaiseanna buaite aige agus On a River in Ireland a bhuaigh an duais is mó ag an Jackson Hole Wildlife Film Festival 2013. D’oibrigh Juanita le RTÉ mar léiritheoir ar dhá shraith faisnéise raidió dar teideal Nature on One.

Tá roinnt leabhair foilsithe ag Juanita go dtí seo: Ireland’s mammals (Browne Books, 2005), Kildare’s natural heritage (Browne Books, 2008), Put the kettle on – the Irish love affair with tea (Collins Press, 2013); agus My first book of Irish animals (Browne Books, 2014). Bhí My first book of Irish animals ar ghearrliosta The Literary Association of Ireland Children’s Book award 2015.

Ina theannta sin, oibríonn sí mar eagarthóir ar Biodiversity Ireland, iris a bhaineann leis an Ionad Náisiúnta le Sonraí Bithéagsúlachta.

Ina theannta sin, oibríonn sí mar eagarthóir ar Biodiversity Ireland, iris a bhaineann leis an Ionad Náisiúnta le Sonraí Bithéagsúlachta.

Nuashonraithe Meitheamh 2017

My first book of Irish animals (Browne Books, 2014)
Put the kettle on – the Irish love affair with tea (Collins Press, 2013)
Kildare’s natural heritage (Browne Books, 2008)
Ireland’s mammals
(Browne Books, 2005)

Juanita Browne ag Cois Life