Gabrielle Ní Mheachair

Rugadh Gabrielle Ní Mheachair in 1961 ag Halla an Eidhneáin, an Teampall Mór, Co. Thiobraid Árainn.

Bhain sí céim amach i gColáiste Mhuire gan Smál, Luimneach.

In 2010 bhain sí céim mháistir san Oideachas Speisialta amach in Ollscoil Fontbonne, Saint Louis, Missouri chun cáiliú ina speisialtóir léitheoireachta.

Is scríbhneoir Gabrielle leis an iris rathúil, The Septs, ar chuid de Chumann Idirnáisiúnta an Ghinealais Éireannaigh, Minnesota. Bhronn Tipp FM duais scríbhneoireachta uirthi ar 23 Eanáir 2009.

Out the gap (féinfhoilsithe, 2016) is ainm don saothar is déanaí dá cuid.

Tá cónaí uirthi in Saint Louis lena fear céile, an Dr. Keith Frederic Woeltje, agus a dtriúr clainne, Maeve, John, agus Éile.

Nuashonraithe Meitheamh 2017

Daoine Óga

Liam agus an leipreachán (An Gúm, 2007)
Éile rua an chéad seilchí (Cois Life, 2007)
An chailleach agus a cuid gruaige (An Gúm, 2002)

Ginealas

Out the gap (féinfhoilsithe, 2016)
Ó Meachair, the story of a clan
(féinfhoilsithe, 2014)
The Killea Mahers
(féinfhoilsithe, 2007)
The Killanigan Ryans
(féinfhoilsithe, 2004)

Gabrielle Ní Mheachair ag Cois Life