Dermot Somers

Le dhá scór bliain tá Dermot Somers ag taisteal agus ag sléibhteoireacht ar fud an domhain, ó na hAlpa agus na hAindéis go dtí na Himiléithe. Bhí sé ina bhall de gheábhanna sléibhe go Changtse, an Tibéid in 1987; go Manaslu, Neipeal in 1991; agus go Sliabh Everest, an Tibéid in 1993. Tá trí leabhar gearrscéalta foilsithe aige: Mountains and other ghosts (Diadem Books, 1990), At the rising of the moon (Baton Wicks, 1994), agus an ceann is déanaí, Collected short stories (Baton Wicks, 2004). Bhuaigh At the rising of the moon (Baton Wicks, 1994) Duais Boardman Tasker don litríocht sléibhe. Foilsíodh Endurance (O’Brien Press, 2005) mar leabhar staire agus miotaseolaíochta a thug cuntais ar thurais cháiliúla in Éirinn. Bronnadh Duais Oireachtais ar a shaothar neamhfhicsin, Rince ar na ballaí (Cois Life, 2002). Bhain a úrscéal Buaic (Cois Life, 2006) gradam de chuid an Reading Association of Ireland. Ghnóthaigh Ar muir is ar sliabh (Cois Life) duais Oireachtais chomh maith.

Tá trí shraith teilifíse déanta aige do TG4 agus RTÉ i gcomhar le Crossing the Lines Films: Cuairt na cruinne (Best Documentary Award, Celtic Film & TV Festival do chlár an Eiger), An bealach ó dheas agus Turas feasa. Tá sraith clár taistil darb ainm Turais i mbaol déanta ag Dermot agus CTL Films le tréadaithe freisin. Is iad cláir na sraithe: An tSibéir (2001); An Sahára (2002); An Iaráin (2004); agus Trasna na Himiléithe, Dolpo, Neipeal (2008). Bhí sé bainteach le taifeadadh sraitheanna taistil agus staire san Astráil chomh maith, Craiceann geal: croí marbh, agus san Artach, Franklin: tásc agus tuairisc.

Nuashonraithe Meitheamh 2017

Úrscéalta

Ar muir is ar sliabh (Cois Life, 2010)
Buaic (Cois Life, 2006)

Gearrscéalta

Endurance (O’Brien Press, 2005)
Collected short stories (Baton Wicks, 2004)
At the rising of the moon (Baton Wicks, 1994)
Mountains and other ghosts (Diadem Books,1990)

Eile

Rince ar na ballaí (Cois Life, 2002)

Dermot Somers ag Cois Life