Conchúr Mag Eacháin

Rugadh agus tógadh Conchúr Mag Eacháin gar do chathair Ard Mhacha. Fuair sé a chuid ollscolaíochta in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, áit a ndearna sé BA agus MA sa Ghaeilge agus sa Léann Ceilteach. Bhain sé PhD amach san ollscoil chéanna sa bhliain 2009. Chaith sé tréimhse mar chomhalta iardhochtúireacha i Lárionad de Bhaldraithe do Léann na Gaeilge sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus tá sé ina eagarthóir taighde in Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath faoi láthair.

Is iad na príomhréimsí taighde atá aige ná: ré na hAthbheochana, teangeolaíocht, sochtheangeolaíocht agus foclóireacht na Gaeilge. Tá ailt foilsithe aige ar na hábhair thuasluaite in irisí léinn mar Éigse, Béaloideas agus Léann. D’fhoilsigh Cois Life an chéad saothar leis, Téarmaíocht Ghaeilge na hathbheochana, in 2014.

Nuashonraithe Meitheamh 2017

Téarmaíocht Ghaeilge na hathbheochana (Cois Life, 2014)

Conchúr Mag Eacháin ag Cois Life