Alex Hijmans

Rugadh Alex Hijmans san Ísiltír i 1975. D’aistrigh sé go hÉirinn nuair a bhí sé fiche bliain d’aois agus d’fhoghlaim sé an Ghaeilge. Chaith sé tréimhse dhá bhliain déag i nGaillimh ansin, ag obair sna meáin Ghaeilge éagsúla, sular thug sé aghaidh ar an mBrasaíl, áit a bhfuil sé ag teacht isteach ar an bpeann ó shin.

Is ar ghnéithe de shaol na Brasaíle a bhunaigh sé ábhar roinnt de na cúig theideal seo a leanas a d’fhoilsigh Cois Life: Favela (neamhfhicsean, 2009), Aiséirí (úrscéal lonnaithe i gcathair na Gaillimhe, 2011), Gonta (gearrscéalta, 2012), Splancanna ó shaol eile (neamhfhicsean, 2013) agus An tearmann (2016). Bronnadh duaiseanna Oireachtais ar Favela agus Gonta. Tá bailiúchán gearrscéalta coimisiúnaithe uaidh, Idir dhá thír, a foilseofar in 2017.

Bíonn Alex ag blagáil faoina shaol sa Bhrasaíl agus faoi chúrsaí litríochta go rialta ar Twitter (@alexhijmans), agus ar a shuíomh féin anseo.

Nuashonraithe Meitheamh 2017

Úrscéalta

An tearmann (Cois Life, 2016)
Aiséirí (Cois Life, 2011)

Gearrscéalta

Idir dhá thír (Cois Life, le teacht 2017)
Gonta (Cois Life, 2012)

Saothar Neamhfhicsin

Splancanna ó shaol eile (Cois Life, 2013)

Favela (Cois Life, 2009)

Aistriúchán

Maistín (Cló Iar-Chonnachta, 2001)

Alex Hijmans ag Cois Life

Aiséirí

16.00 13.00

An tearmann

12.00 10.00

Favela

18.00

Gonta

14.00

Idir dhá thír

12.00 10.00