Seolfar ‘Oilithreach pinn’ ar an Aoine 17 Deireadh Fómhair 2017

Seolfar an leabhar nua le Liam Ó Muirthile, Oilithreach pinn, an Aoine bheag seo an 20 Deireadh Fómhair. Is mar chuid de chlár Fhéile IMRAM a reáchtálfar an ócáid i bhfoirgneamh Éigse Éireann ar Chearnóg Parnell, 6.00–7.00pm.

Shiúil Liam an Camino Francés as a chéile ó Saint-Jean-Pied-de-Port go Santiago de Compostela i bhfómhar na bliana 2015. Leis féin a bhí sé agus a phaca ar a dhroim, ag fanacht sna tithe aíochta oilithreachta ar a thuras 770 km.

Caitheann grianghraif Moira Sweeney loinnir ealaíonta ar chonair na n-oilithreach.

Rinne an t-údar aistriúcháin ar neart dánta Rosalía de Castro le linn dó an leabhar seo a scríobh, agus beidh Carmen Rodríguez Alonso linn ar an oíche chun cuid acu a léamh sa Ghailísis.

Tá ticéid agus tuilleadh eolais ar fáil ó IMRAM.

« FÍSEÁN: Cnuasach nua gearrscéalta ag Alex Hijmans
Gearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin 2017 fógartha »