Seolfar an tsraith File ar Fhile ar an 20 Bealtaine 15 May 2019

Seolfar an tsraith File ar Fhile Dé Luain seo chugainn, ag ócáid chomórtha i gcomhar leis an bhféile IMRAM agus ILFD – ticéid ar fáil anseo nó ag an doras.

Tosnóidh an ócáid ag a 6pm le léamh ag Doireann Ní Bhriain, tionlacan ceoil ag Colm Ó Snodaigh agus ealaín le Margaret Lonergan, agus ina dhiaidh sin, plé faoin tionscadal leis na filí: Eiléan Ní Chuilleanáin, Tomás Mac Síomóin, Gabriel Rosenstock agus Ailbhe Ní Ghearbhuigh. Seolfaidh an tOllamh Caoimhín Mac Giolla Léith na leabhair ag 7.30pm.

Beidh na leabhair ar díol ar an oíche.

« Gearrliosta na nGradam Foilsitheoireachta
An tSochtheangeolaíocht: Taighde agus Gníomh le seoladh i gColáiste na Tríonóide »