Ann-Marie Ireland, Fionnuala Cloke

Tabhair aire duit féin

Leabhar áisiúil don léitheoir óg is ea an treoirleabhar seo ar ábhar nach bhfuil ar fáil go forleathan sa Ghaeilge: an t-aireachas nó mindfulness.

12.00

Stoc ar fáil

Product ID: 8145 ISBN: 978-1-907494-72-7 Catagóirí: , , , , ,

Cad is aireachas ann? Bhuel, tá sé tábhachtach stopadh i rith an lae, sos a ghlacadh agus anáil a tharraingt. Is deis é sin dúinn a bheith ciúin agus díriú ar a bhfuil timpeall orainn chomh maith lena bhfuil ar siúl inár gcorp agus inár n-intinn a thabhairt faoi deara. Tugaimid ‘aireachas’ nó ‘machnamh’ air sin.

Treoirleabhar is ea Tabhair aire duit féin ina gcuirtear cleachtais aireachais, machnaimh shamhlúcháin agus acmhainní folláine ar fáil do chúramóirí na n-óg.

Tá neart machnamh agus cleachtas aireachais simplí sa leabhar seo a oireann do pháiste aonair nó do ghrúpa páistí.

Mála leabhar saor in aisce leis an gcéad 100 cóip ordaithe ón suíomh seo!

 

Meáchan310 g
Clúdach

bog

Foilsithe

2018

Léaráidí le

Olivia Golden

Seans gur spéis leat...