Seán Tadhg Ó Gairbhí

Súil eile

Bunaithe ar thaighde nua agus ar agallaimh leo siúd a bhfuil na fíorscéalta acu faoi bhunú agus faoi fhorbairt TG4.

20.00 17.50

Product ID: 739 ISBN: 978-1-907494-43-7 Catagóirí: , , , ,

Léigh sliocht as an leabhar >>

Bunaithe ar thaighde nua agus ar agallaimh leo siúd a bhfuil na fíorscéalta acu faoi bhunú agus faoi fhorbairt TG4, tabharfaidh Súil Eile cuntas beoga, géarchúiseach ar stair na teilifíse Gaeilge le breis agus 20 bliain anuas.

Tugann Súil Eile léargas nua don léitheoir ar scéal suaithinseach an stáisiúin, ó laethanta corraithe an fheachtais ar son Teilifís na Gaeilge go dtí an lá atá inniu ann.

Fite fuaite leis an insint ar stair dhrámatúil TG4 tá léirmheas criticiúil ar a bhfuil bainte amach ag an stáisiún Gaeilge ó bunaíodh é.

Meáchan720 g

Seans gur spéis leat...