Sa bhailiúchán scéalta, eachtraí agus portráidí fileata seo cuireann Ó Muirthile mná rialta ag eitilt agus baineann casadh gan choinne as caidreamh laethúil an duine.
Liam Ó Muirthile
Sister Elizabeth ag eitilt agus portráidí eile
Scéalta, eachtraí agus portráidí fileata. Stories, adventures and pen pictures.
€12.00
Meáchan | 160 g |
---|---|
Leathanaigh | 104 |
Foilsithe | 2005 |
Books Ireland, Samhradh 2005
Aonaid phróis a thugann an t-údar féin ar na dréachtaí seo, gaol acu leis an ngearscéal, an eachtra agus an dán. Aithneofar cuid acu ón gcolún a bhíodh ag Ó Muirthile san Irish Times, ach mar a deir sé féin táid saothraithe go maith ó shin. Tá gach ceann acu ar ard-chaighdeán ón bpíosa a thugann teideal don leabhar a bhfuil leagan amach de réir ghnás na scéalaíochta go dtí an dréacht, 'Túir an Áir', ina mbreactar síos uafás an 9/11 in abairtí nach bhfuil i ngach ceann acu ach abairt. Déantar ionramháil chuí ar gach ceann díobh agus tá seoda ina measc, mar shampla an caoineadh próis, 'Meáchan Rudaí', ar deacair lipéad a bhualadh air - filíocht ina orlaí tríd. Níl aon chlár leis an leabhar - tá na cúig píosa déag i ndiaidh a chéile: más áil leat ceann a léamh an athuair tumann tú isteach arís ann.