Peadar Ua Laoghaire, Caoilfhionn Nic Pháidín

Séanna (2016)

Gréasaí tuaithe é Séanna a dhéanann margadh leis an bhFear Dubh. Tá an t-eagrán seo dírithe ar ghnáthléitheoirí idir óg agus aibí, agus ar fhoghlaimeoirí Gaeilge den uile chineál.

12.00

Product ID: 676 ISBN: 978-1-907494-64-2 Catagóirí: , , , , , ,

Léigh sliocht as an leabhar >>

Gréasaí tuaithe é Séanna a dhéanann margadh leis an bhFear Dubh. Ní cheannóidh a bhfuil d’airgead ón bhFear Dubh aige suaimhneas aigne dó. Tá trí bliana déag aige sula dtagann an Fear Dubh ar ais chun Séanna a thabhairt leis. Ach tá cúnamh ag Séanna nach bhfuil an Fear Dubh ag coinne leis.

Clasaic chanóna na Gaeilge í seo, leagan ar leith de sheanscéal idirnáisiúnta Faust, le casadh agus críoch gan choinne air. Mórshaothar tosaigh próis na hAthbheochana é, buanchompánach na nglúnta foghlaimeoirí agus eiseamláir stíle agus friotail ar dheacair é a shárú inniu féin.

Tá éileamh leanúnach ar scéal Shéanna, eagráin agus leaganacha a oireann do phobail éagsúla. Tá an t-eagrán seo dírithe ar ghnáthléitheoirí idir óg agus aibí, agus ar fhoghlaimeoirí Gaeilge den uile chineál. Saothar lándaite.

Oiriúnach do léitheoirí in aois 12+ a bhfuil léamh na Gaeilge go maith acu mar aon le foghlaimeoirí fásta.



Meáchan520 g
Léaráidí le

Olivia Golden

Leathanaigh

137

Máirín Nic Eoin, Foinse 2-3 Samhain 1996

Eagrán nua den leagan coimrithe den úrscéal Séadna leis an Athair Peadar Ó Laoghaire, leagan a céadfhoilsigh Brún agus Ó Nualláin Teo. sa bhliain 1910, atá san fhoilseachán gleoite seo. Ba í Caoilfhionn Nic Pháidín a chóirigh an t-ábhar don chló, agus cuireann saothar ealaíne Marie-Louise Fitzpatrick - a bhfuil pictiúir dá cuid le feiceáil ar an gclúdach agus mar mhaisiúchán tríd an téacs féin - barr slachta ar leabhar a bhfuil cuma an-tarraingteach an-soláimhsithe air …. Is cinnte, áfach, go meallfaidh an leabhar seo iad [ páistí ] agus déarfainn go gcuirfidh go leor daoine fásta suim san eagrán nua freisin. Is comaoin mhór ar an téacs an dlúthdhiosca a ghabhann leis, áit a bhfuil an scéal á léamh le blas binn Corcaíoch ag an bhfile Liam Ó Muirthile. Dhéanfadh sé an-bhronntanas go deo.

Seans gur spéis leat...