Anton Mac Cába, Lá - 17 Eanáir 2002
Tá Gréagóir Ó Dúill ag saothrú leis mar fhile le beagnach dhá scór bliain. Ní hé an port céanna atá aige ar fud na tréimhse sin: tá éagsúlacht mhaith abhár agus stíle sa chnuasach. Fógraíonn sé go hionraic an dearcadh atá aige ar chúrsaí an tsaoil: "Gluaisim liom ar an bhruach clé i gcónaí agus tá sin le léamh". Tá dornán de dhánta ann a mhairfidh agus ba cheart go mbeadh siad á léamh i gceann dhá scór bhliain eile. Tá an Dúilleach ag scríobh leis ar fad. Agus an duanaire seo léite, beidh súil ag léitheoir ar bith le tuilleadh dánta.
Dónall Ó Braonáin, Foinse - 15/12/2001
Rogha an fhile dá shaothar cumadóireachta atá sa leabhar seo maraon le haiste spéisiúil dhírbheathaisnéisiúil i dtosach an leabhair. Pléann sé le ábhair éagsúla, cogaí agus cogaíocht san áireamh. Baineann Ó Dúill gaisneas as ceisteanna le bonn a bhaint den léitheoir nó mar cuid dlúth de struchtúr dáin nó mar léiriú ar a thóraíocht phearsanta féin. Tá slacht agus smais ag baint leis an gcomhfhoilseacháin seo idir Coislife agus Coiscéim.