Seán Mac Mathúna

Niall Tóibín ag léamh gearrscéalta le Seán Mac Mathúna (4 CD)

Léann an Tóibíneach rogha gearrscéalta le Seán Mac Mathúna. Niall Tóibín at the height of his powers reads classic short stories by Seán Mac Mathúna.

18.00

Product ID: 653 ISBN: 978-1-901176-98-8 Catagóirí: , , , ,

Féasta éisteachta!

Cuirtear i láthair ar an taifeadadh seo cuid de na gearrscéalta is fuaimintiúla sa Nua-Ghaeilge, iad á léamh ag aisteoir iomráiteach a chuireann a shainchló gutha féin orthu. Baineann Niall Tóibín cor nua insinte as ocht scéal le Seán Mac Mathúna a thugann diminsean nua ar fad dóibh. Tá na scéalta seo go léir sa chnuasach Úlla. Clasaicí iad na scéalta cheana féin ar an leathanach clóite, agus is cinnte gur clasaic eile a bheidh sa taifeadadh seo. Na scéalta atá ar na dioscaí ná:

  • ‘An Seamlas’
  • ‘Leaca an Tí Mhóir’
  • ‘Ding’
  • ‘Gadaithe’
  • ‘Tuatha Dé Danann’
  • ‘Aos Ifrinn’
  • ‘Sodar Breá Bog go Cluain Uí Eachaigh’
  • ‘Na Quizmháistrí’

Íoslódáil réamhaiste le hEoghan Ó hAnluain: nialltoibin-reamhaiste.

© Cois Life

Is le haghaidh úsáid phearsanta amháin atá an taifeadadh seo curtha ar fáil saor in aisce ag Cois Life. Is sárú cóipchirt aon chraolachán neamhúdaraithe, aon léiriú poiblí, aon chóipeáil, ataifeadadh nó teo-nascadh ar bith gan réamhchead an fhoilsitheora. Chun cead a iarraidh déantar teagmháil le eolas@coislife.ie.

Meáchan160 g
Foilsithe

2009

Seans gur spéis leat...