Regina Uí Chollatáin

Iriseoirí pinn na Gaeilge

Forbhreathnú ar phrós-iriseoireacht chlóite san fhichiú haois.

20.00 15.00

Product ID: 641 ISBN: 978-1-901176-84-1 Catagóirí: , , , ,

Forbhreathnú criticiúil, coincheapúil, iltoiseach ar phrós-iriseoireacht an fichiú haois atá sa leabhar seo. Cuirtear an cholúnaíocht i gcomhthéacs i dteoiric agus i scríbhinní an tsaothair. Ríomhtar na téiseanna critice, na saothair éagsúla litríochta agus léirmheastóireachta ó údair aitheanta an fichiú haois; an téarmaíocht agus an eagarthóireacht a shaibhríonn a leithéid de staidéar, mar aon le meon sochtheangeolaíoch agus fealsúnacht na dtréimhsí inar scríobhadh iad.

Meáchan565 g
Leathanaigh

405

Foilsithe

2008

Colmán Ó Drisceoil, Foinse, 11 Deireadh Fómhair 2008

Is éard atá sa leabhar seo ná bailiúcháin d'ailt a foilsíodh i dtréimhseacháin éagsúla na Gaeilge ó 1901 go dtí an lá inniu, nach mór. Rompu sa leabhar toirtiúil seo tá aiste fhada léannta dar teideal 'An téacs a chuireann amú sinn: na dánta nár tháinig'. Is trua nach bhfuil an méid sin níos soiléire ón teideal mar go gceapaim go mbeadh tarraingt níos leithne ag an leabhar lasmuigh de chúrsaí tríú leibhéal dá mbeadh. Aithneoidh an-chuid léitheoirí na scríbhneoirí agus na hirisí as a roghnaítear iad éasca go leor, ach, cé go bhfuil seoda aitheanta i measc na n-alt a roghnaíodh, tá cinn eile a mbeidh nuaíocht ag baint leo d'fhormhór againn. Téann Gluais le gach alt, agus cé gur maith ann í do mo leithéid féin nach léann ábhar dá leithéid seo chomh minic is ba mhaith liom, fós féin, b'úsáidí gluais d'aiste Uí Chollatáin féin a phléann go domhain agus go mion le gnéithe éagsúla den chritic liteartha.

Níl na nithe thuasluaite ró-thábhachtach in aon chor nuair a thumann tú isteach sa leabhar. Is taisce eolais agus tuairimíochta aiste Uí Chollatáin agus is taisce iontach samplaí na hailt atá roghnaithe. Luaitear 231 tréimhseachán/iris sna nótaí ar chúl an leabhair. Níl ailt tógtha as gach ceann acu seo ach is léiriú amháin é ar scóip an leabhair agus ar mháistreacht an údair ar an ábhar. "Iarracht atá sa leabhar seo an díospóireacht ar chritic na hiriseoireachta a chur i mbéal phobal léitheoireacht na Gaeilge trí ghrinnstaidéár a díriú ar theoiricíocht litríochta agus iriseoireachta a chur i láthair, ó bhunchlocha na hiriseoireachta clóite Gaeilge ag tús an fichiú haois go tús an aonú haois is fiche. Mionscagadh ar shainghnéithe fhorbairt na litríochta agus na colúnaíochta Gaeilge atá á ríomh agus á gceistiú i gcomhthéacs fhorás na nualitríochta Gaeilge i rithe an fichiú haois. San alt seo pléifear an criticeas i gcomhthéacs litríochta agus iriseoireachta ar dtús agus díreofar isteach ar an gcritic sa tsochaí chomhaimseartha faoi rúibricí neamh-chomhfhiosacha agus comhfhiosacha na pros-iriseoireachta." Nuair ata an méid sin curtha i do phíopa agus caite is féidir tabhairt faoin gcuid eile den leabhar.

I ndáiríre, is aiste thomhaiste, chúramach í seo. Tá rud le rá i ngach abairt ann agus sleachta gearra curtha mar thacaíocht le pointí áirithe nuair a oireann. Féach seo faoi theanga na hiriseoireachta; 'Toisc forbairtí staire atá fite fuaite i bhforbairtí teanga cuirtear béim ar leith ar rangú cróineolaíoch teanga i gcás staidéar scolártha teanga sa Ghaeilge. Fo-rannóg theangeolaíocht í teanga na hiriseoireachta seo a rangaíonn teanga de réir úsáide, múnlaí agus foirmeacha scríbhneoireachta agus labhartha, mar atá, an focal clóite, agus craolta agus úsáid phoiblí na Gaeilge.'

Ní léitheoireacht éadrom an t-alt seo, agus b'fhearr do mo leithéidse, b'fhéidir, tumadh isteach is amach as de réir na dteideal ar na caibidlí éagsúla. Leis an gcur chuige seo d'fheadfaí cúpla leathanach a léamh faoi 'An chritic agus an tsochaí chomhaimseartha'. Nó 'Peirspictíocht shochtheangeolaícoht agus staidéar an meán litríochta' nó 'An léitheoir aonair agus an pobal léitheoireachta' gan a bheith báite.

Deir Uí Chollatáin in áit eile (lch. 56) go bhfuil sí ag iarraidh an fhaillí a rinneadh in iriseoireacht na Gaeilge a chur ina ceart. Tá sé sin déanta go maith aici. Tá údarás ag baint le gach abairt, nach mór. Ba dheacair aon alt, sliocht nó abairt a fhágaint ar lár gan an saothar a bheith bearnach. 'Gontacht, cruinneas agus deisbhéalaíocht nuair is ceart' (lch. 57) a chleachtann sí mar a deir Uí Chollatáin féin i gcomhthéacs theanga na hiriseoireachta. Tá léamh cuíosach iomlán le fáil ar shaol litríochta na Gaeilge sna haistí atá roghnaithe. Tá siad rangaithe de réir ábhair, m.sh. Drámaíocht, An aiste tuairimíochta agus Guth na mban (n'fheadar mé cá bhfuil Guth na bhfear) agus ord cróineolaíoch orthu sna rannóga sin.

Ach is léamh pléisiúrtha é seo. Féach alta Bhiddy Jenkinson ar an nua-fhilíocht. 'Creidim i mBé na filíochta - Bé seachas cuisle. Creideann go leor filí inti. Bheadh scoláire ag iarraidh a dhéanamh amach go tomhaiste cé hí an bhé. Déanaimse, im' scríbhneoir dom laistigh den traidisiún Gaelach, talamh slán de go bhfuil a fhios againn cé hí, gurb í an Mór-Ríon í, gurb ó flaitheas na hÉireann i riocht mná í, gurb í spiorad na héigse í. Bé na hinghninúna í.' Lch. 282 Is tráthúil go bhfuil an iris Comhar ar ais ar an bhfód arís. Ní haon ionadh go bhfuil cuid mhaith ábhar tógtha as. Tá cúig alt as a chéile sa roinn Filíochta ina bpléann Seán Mac Réamoinn le filíocht Mhaire Mac an tSaoi, Máirtín Ó Díreáin leis an Nuafhiliocht, Gabriel Rosenstock le saothar Chathal Uí Shearcaigh agus Michael Davitt, Louis de Paor le filíocht Nuala Uí Dhomhnaill agus Alan Harrison le Tost Sheáin UÍ Ríordáin, ar tógadh as Comhar iad. San iarfhocal atá ag Uí Chollatáin leis na hailt sa leabhar deir sí, 'Tá na meáin Ghaeilge in Éirinn á ndearbhú féin i gcúrsaí cultúrtha agus is fúthu anois an talamh thorthúil a beathaíodh i rith an fichiú haois a threabhadh, agus iarracht a dhéanamh an fhéiniúlacht chultúrtha agus theanga atá á ndearbhú féin trí meáin Ghaeilge, a chothú i mbealach aontaithe, cumarsáideach, criticiúil'. Luann sí in áiteanna ina haiste féin go bhfuil gá le breis scagadh a dhéanamh ar ghnéithe éagsúla atá clúdaithe sa leabhar seo. Ní beag an méid atá sa leabhar seo féin gan aon chur leis. Ceannaigh do do chara é. Déan bronntanas Samhna de seachas bronntanas Nollag.


Books Ireland, Meán Fómhair, 2008

Leabhar fíor-acadúil é seo - toradh ar thaighde agus ar mhachnamh roinnt blianta. Scoláire a bhfuil leabhar eile dá cuid, An Claidheamh Solais agus Fáinne an Lae 1899-1932, againn uaithi cheana féin agus duine de na saineolaithe is mó ar iriseoireachta liteartha na Gaeilge í an t-údar. Réimse nua in Éirinn is ea an chritic iriseoireachta agus táthar ag tuil go mbeidh an saothar seo in bhunchloch do thaighdeoirí amach anseo. Dírítear ar ábhar liteartha faoi na rannóga na seánraí prós, filíocht, aistí tuairimíochta, drámaíocht, scríbhneoireacht na mban agus aistí critice; baineann na sleachta ionadaíochta a roghnaíodh le prós-iriseoireacht an fichiú haois. Éilíonn an cíoradh a dhéantar léamh grinn agus ath-léamh ach cúitíonn torthaí an aistir an iarracht.

Seans gur spéis leat...