Íbíotsa

Labhrás Ó Finneadha

Íbíotsa

Scéilíní fánacha a léiríonn eachtraí beaga an tsaoil i sochaí cheilte an oileáin.

10.00

Product ID: 635 ISBN: 978-1-907494-53-6. Catagóirí: , , , , , , .

Oscail an leabhar >>

Téigh go Ibiza ar feadh coicíse agus tá sé romhat amach: lá ar an trá gan náire; cosa go hascaillí; codladh gan dúiseacht ar an tsráid; priocadh na díchéille; an t-ál fáin; aistear an aithreachais; tobac agus ól ar an gcúlráid; tonnadh chun na síoraíochta; agus fiú amháin cá bhfios cé a chasfaí ort? Scéilíní fánacha a léiríonn eachtraí beaga an tsaoil i sochaí cheilte an oileáin.

An chéad leabhar ficsin le Labhrás Ó Finneadha.

Éist leis an gcéad scéal anseo thíos:

Meáchan175 g
Foilsithe

2015

Leathanaigh

130

Tom Jeffers, 'Ní mar a shíltear Íbíotsa', in Comhar, Eanáir 2016.

'... fite fuaite leis na scéalta faoi na ‘trághnáthóirí,’ tarraingíonn an t-údar ár n-aird ar thíreolaíocht an Oileáin Bhailéaraigh, ar a chultúr dúchais agus ar mheon a mhuintire. Pléitear le cultúr na hÉireann in áit choimhthíoch agus cuirtear i gcomparáid le cultúir an oileáin agus cultúr na hEorpa i gcoitinne é, iniúchadh á dhéanamh, b’fhéidir, ar fhís na hEorpa agus mar a réitíonn saoránaigh an Aontais lena chéile. Is iad na hógánaigh, as Éirinn agus as an oileán féin, atá chun cinn sna gearrscéalta seo.'

Is féidir an léirmheas iomlán a léamh anseo >>


Seán Ó Catháin, ClubLeabhar.com, Meitheamh 2017

‘Éiríonn leis an údar cumarsáid bhríomhar réalaíoch a chruthú idir na carachtair sna scéalta, an gné is éifeachtaí dá chuid scríbhneoireachta. Stíl simplí aige, is breá liom é sin.’


Ciara Ní Éanacháin, ClubLeabhar.com, Meitheamh 2017

‘Tá na caidrimh go maith sna scéalta, le carachtair réalaíocha iontu. Chuaigh siad go croí ionam; reachtaireacht shéimh atá le feiceáil, daonnacht i measc na ndaoine óga.  Tugtar dea-léiriú ar dhéagóirí sa scéal, rud atá annamh go leor.  Tá dearadh an leabhair an-mhaith, nua-aimseartha agus geal.’

Éist leis podchraoladh Clubleabhar.com anseo>>