Féach ar an gciseán Cuireadh “Éile Rua – an chéad seilchí” i do chiseán.
hata-zu-clos

Áine Ní Ghlinn

Hata zú Mhamó (closleabhar saor in aisce)

Tá hata spéisiúil, spraíúil ag Mamó. Hata zú! É maisithe le heireaball léamair agus le cleití péacóige!

0.00

Le híoslódáil ar Soundcloud.com

Product ID: 630 ISBN: 978-1-907494-73-4. Catagóirí: , , , , .

Gradam Réics Carló 2016
Leagan closleabhair den teideal mealltach Hata Zú Mhamó do dhéagóirí, á léamh ag an údar féin, Áine Ní Ghlinn. Is féidir an comhad a íoslódáil saor in aisce anseo thíos. Áis luachmhar le húsaid i dteannta an leabhair féin ag léitheoirí aonair, agus go háirithe ag múinteoírí agus ag daltaí.

Tá hata spéisiúil, spraíúil ag Mamó. Hata zú! É maisithe le heireaball léamair agus le cleití péacóige! Ach ní leor an hata a bheith aici! Tá plean ag Mamó éalú amach as an teach altranais agus a hata zú a chaitheamh sa zú féin. Cuireann sí iachall ar a gariníon Siobhán í féin agus beirt chara léi ón teach altranais a thabhairt ann. Beidh na heachtraí sa zú lán chomh spleodrach céanna le hata zú Mhamó.

Bhuaigh an leabhar seo duais Oireachtais in 2014 sa chatagóir ficsin do pháistí san aoisghrúpa 9+.

©2016 Áine Ní Ghlinn agus Cois Life

Foilsithe

2016

'Scéilín gleoite, aoibhinn, greannmhar é seo, corrthaitheach go minic, ach gan a bheith maoithneach riamh. Bainfidh páistí agus a dtuismitheoirí an-spraoi go deo as, agus rud beag á fhoghlaim acu, leis, faoin ghrá agus faoin chineáltas. Ar fheabhas!'
Siobhán Parkinson (Laureate na nÓg, 2010-2012)

Seans gur spéis leat...

Beidh oifig Cois Life dúnta 1–3 Samhain 2017. Más mian leat teagmháil a dhéanamh linn, moltar ríomhphost a chur chuig eolas@coislife.ie Pléifear le horduithe ar an 5 Samhain. / Cois Life's office will be closed 1–3 November 2017. Should you wish to contact us, please email eolas@coislife.ie Orders will be processed on 5 November. Dismiss