Ciarán Mac Murchaidh

Filíocht ghrá na Gaeilge/Love poems in Irish

Díolaim chuimsitheach den fhilíocht ghrá i nGaeilge ón luathaois go dtí an nua-aois le haistriúcháin Bhéarla.

20.00

Glan

Díolaim chuimsitheach a rianaíonn traidisiún na filíochta grá i nGaeilge ón luathaois go dtí an nua-aois. Seo chugainn léargas iontach ar phaisean agus ar neart an ghrá. Pléitear gach gné den ghrá san dánta agus sna hamhráin seo – meidhir an ghrá óig; greann agus suairceas an ghrá; cumha agus croíbhriseadh; dúil agus grá gan fháil; agus an grá iompaithe ina fhuath. Tá cumhacht mhothálach na bhfilí féin go mór chun cinn agus iad ag ceiliúradh chastacht an ghrá. Breacann Ciarán Mac Murchaidh an comhthéacs liteartha inar cumadh na dánta sainiúla seo agus cuireann brí nua i dtéacsanna clasaiceacha do phobal úr.

Maisithe go healaíonta ag Anna Nielsen.

Fuair an leabhar seo Gradam Uí Shúilleabháin/Leabhar Gaeilge na Bliana in 2009.

Meáchan845 g
Foilsithe

2008

Leathanaigh

283

Léaráidí le

Anna Nielsen

Clúdach

bog, crua

Seán Ó Catháin, Timire an Chroí Naofa, Earrach 2009

Seo cnuasach eile ón duine a chur Lón Anama (Cois Life: 2005), bailiúchán de dhánta spioradálta, ar fáil dúinn. Is leabhar den scoth é seo, leabhar filíochta faoin ngrá mar a cuireadh in iúl é inár dteanga dhúchais féin anuas trí na cianta.

Is leabhar suimiúil toirtiúil soléite é. Is leabhar torthúil é chomh maith sa mhéid gur gach uair a thógtar suas é, faightear rud éigin nua suntasach ann a thugann pléisiúr. Tá an leagan mach scóipiúil. Tá na léaráidí dubha agus bána a ghabhainn leis an téacs simplí, ach táid ag teacht go haoibhinn leis an ábhar agus an leagan amach. Seasann an cló agus na líníochtaí amach go soiléir agus táid nasctha le chéile go fileata. Tá an páipéar féin d'ardchaighdéan agus an clúdach leath-chruaidh maisithe go healaíonta idir fhocla agus léaráidí. Tá cruth agus toirt an ábhair chríochnaithe ag cur in iúl gur leabhar buan é seo, leabhar chun a choimeád agus a thaispeáint. Is leabhar faoin ngrá é seo, ach braithim gur obair ghrá a bhí ann chomh maith, don eagarthóir, don mhaisitheoir agus don fhoilsitheoir le chéile. Molaim é. Bhaineas féin an-taitneamh as. Is leabhar é gur féidir a thógáil suas agus a oscailt ar aon leathanach óna am, agus taitneamh agus eolas a bhaint as. Is leabhar é a bheadh suimiúil d'éinne ar suim leo an Ghaeilge nó an fhilíocht nó dóibh siúd nach bhfuil Gaeilge , nó mórán di, acu ach ar mhaith leo níos mó eolais a fháil faoi fhilíochta n hÉireann le míle bliain anuas. Gheobhaidh siad léiriú ann ar ár gcultúr, ár stair agus ár traidisiún, mar i ndánta na luath-fhilí sa leabhar seo tá tuiscint le fáil ar ár sinsear.

Séard atá sa leabhar féin ná 76 dán i nGaeilge ón mbliain 800 ar aghaidh, anuas go dtí an lá inniu. Tá aistriúchán fileata go Béarla ag gabháil le gach ceann díobh, chomh maith le nóta míniúcháin tosaigh ón eagarthóir a thugann cúlra an dain. Cuireann sé seo an dán i gcomhthéacs ceart na line ina scríobhadh é. Baintear úsáid as aistriúcháin aitheanta atá ar fáil cheana féin i bhfoinsí eile, leithéidí Irish Bardic Poetry (eag. Osborn Bergin), nó Nua-Dhuanaire (I-III). Tá aistriúcháin ann ó scríbhneoirí aitheanta mar Frank O'Connor, Liam Ó Muirthile agus Louis de Paor. Tá roinn dánta, go háirithe i dtreo dheireadh an chnuasaigh, a d'aistrigh an t-eagarthóir féin. Is maith ann iad. Tá réamhrá cuimsitheach eolasach ag tosach an leabhair a chíorann cúlra agus saintréithe thraidisiún fhilíocht agus amhráin ghrá na Gaeilge ón luathaois go dtí ár linn féin.

Chuaigh gontacht, snastacht agus simplíocht roinnt de dhánta na luath-aoise go mór i bhfeidhm orm. Mar shampla, uimh 6: Cride hé/daire cnó/ ócán él/ pócan dó/ atá aistrithe go Béarla ag an eagarthóir mar: He's a heart/ A grove of nuts/ He's a young lad/A kiss for him. Cé go bhfuil an grá ann tá an ghruaim ann chomh maith. Tá an greann agus íoróin iontu freisin, mar shampla, dán 32, ina gcuireann an file in iúl go mb'fhearr leis bheith dall ná bheith tar éis súil a leagan ar an mbean atá tar éis chroí a bhriseadh: Is trua, a Dhia, nach dall do bhíos/ Sul do chinn a cúl casta, /A corp sneachta slisgheal saor-loch, is saoth liom mo bheatha!.

Léirítear go minic sna dánta an fhulaingt a bhraitheann an duine nuair a fhaigheann a chéile ionúin bás. Mar shampla, in uimh. 9 (ón 13ú haois), a thosaíonn le 'M'anam do sgar riomsa araoir', samhlaíonn sé don bhfile go bhfuil sé tar éis leath a choirp a chailliúint. In uimh. 26, 'Cridhe lán do smuaintighibh/A heart made full of thought', cé go bhfuil an file croíbhriste i ndiaidh bhás a chéile, tá a ghrá láidir le brath sna íomhá álainn dá chéile atá imithe uaidh mar 'Sgaradh eóin ré fíoruisge', sé sin mar éan ag éirí in airde ón uisce glé. Tá dánta filí na 20ú haoise ann chomh maith. Ina measc siúd tá seoda ó Mháirtín Ó Direáin, Máire Mhac an tSaoi, Caitlín Maude, Michael Harnett, Gabriel Rosenstock, Michael Davitt, Liam Ó Muirthile, Nuala Ní Dhomhnaill, Rita Kelly, Cathal Ó Searcaigh, Louis de Paor, Colm Breathnach agus Gearóid Mac Lochlainn. Léiríonn dánta an chnuasaigh seo an leanúnachas atá ag baint le léiriú an ghrá i bhfilíocht na Gaeilge ón ré liteartha is ársa anuas go dtí ár linn féin. Is traidisiún seanda é an fhilíocht sa Ghaeilge, agus is cúis bhroid agus ábhar dóchais dúinn é go bhfuil an líon sin d'fhilí óga ár linne ag leanúint an traidisiún seo.


Caitríona Ní Chleirchín, Beo.ie, Nollaig 2008

Leabhar fíorealaíonta seo, curtha in eagar ag Ciarán Mac Murchaidh, maisithe ag Anna Nielsen agus foilsithe ag Cois Life. Cuimsíonn an díolaim seo traidisiún na filíochta grá i nGaeilge ón bhliain 800 go dtí an lá inniu. Is áis iontach é don scoláire litríochta nó don té ar spéis léi filíocht na Gaeilge. Tugann sé léargas ar phaisean agus ar chumhacht an ghrá. Pléann na dánta agus na hamhráin achan ghné den ghrá; aoibhneas an ghrá óig; greann agus suairceas, cumha, caoineadh agus croíbhriseadh; an dúil agus an grá gan fháil, grá rúnda agus grá searbh iompaithe ina fhuath.

Grá collaí is mó atá i gceist sna véarsaí seo. ‘Is traidisún ársa é traidisiún an ghrá chollaí agus níor chóir go gcuirfeadh sé sin iontas ar bith orainn’ a deir Mac Murchaidh linn sa réamhrá. Feicimid mianta na colainne agus an dóigh ina bhfuil an grá corportha scríofa ar théacs na teanga féin. Chímid fosta cén áit imeallach a bhí ag na banfhilí sa traidisiún. Is léir go bhfuil a nguthanna ann ón tús áfach, bíodh sin Créide ag caoineadh Dínertach, Liadain ag caitheamh i ndiaidh Cuirthir nó Gráinne ag ceiliúradh a grá do Dhiarmaid. Feictear éagsúlacht iontach maidir le cumas na bhfear grá a thabhairt agus a chur in iúl, má chuirimid an dán paiseanta ‘M’anam do sgar riomsa araoir’ le Muireadhach Albanach Ó Dálaigh(1220) a chaoineann a bhean mharbh go géar agus ‘Mairg adeir olc ris na mnáibh’ le Gearóid Iarla a bhfuil roinnt den bhanfhuath le brath air, dar le Mícheál Mac Craith. Deir Nuala Ní Dhomhnaill, ina Selected Essays (2005) gur traidisún thar a bheith frithbhaineann é tradisiún na filíochta Gaeilge. Tugaimid suntas do fhile gan ainm a cháineann paisean fisiciúil na mná in ‘Luaithe cú ná a cuideachta’. Dar leis go bhfuil a croí tirim agus crua le drúis; ‘aigne baoth na banamhail’.

Idir na blainta 1400 agus 1700, is iad na filí is mó a bhí ag scríobh ná Piaras Feiritéar, Maghnas Ó Domhnaill, Domhnaill Mac Cárthaigh, Seathrúin Céitinn, Pádraigín Haicéad agus Cearbhall Ó Dálaigh. Bhí Isibeul Ni Mhic Cailin agus Úna Ní Bhroin ag scríobh thart ar an tréimhse seo chomh maith. Bhain traidisiún an amour courtois leis an chuid is mó de na dánta a scríobhadh sa ré sin. Stíl ghalánta, ardnósach, shocair a bhain le foirmeáltacht na cúirte sa mheánaois a bhí ann, dar le Mac Murchaidh. Deir sé fosta gur ‘minic a bhíonn léiriú íorónta nó éadrom , searbhasach nó scigmhagúil iontu ar nádúr an ghrá agus ar mhianach an chaidrimh idir fir agus mná.’

Sa tríú cuid den chnuasach seo a rianaíonn an tréimhse 1700-1900, tá dánta ó na filí as Oirialla, Cathal Buí Mac Giolla Gunna agus Peadar Ó Doirnín, agus ‘Máirín de Barra’, ‘Caoineadh Airt Uí Laoghaire’, ‘Dónall Óg’,agus ‘Sail Óg Rua’. Chanson de Jeune fille nó amhrán na mná óige é Dónall Óg? Dar le Mairín Nic Eoin, gur ‘léiriú fósúil ar mhianta pearsanta ban a fhaightear in amhráin ghrá na mná i dtraidisiún liteartha na Gaeilge. Is é an tréigean is comthéacs do na hamhráin, agus is tri cumhacht na mothúchán a léirítear bail na mná tréighte, agus impleachtaí a teagmhála leis an bhfear a thréig í. Is é an t-aiféala an mothúchán is láidre ina bhformhór’.

Sa chuid deireanach den leabhar a phléann le 1900 ar aghaidh, tá dánta ó na nuafhilí, Máirtín Ó Díreáin, Máire Mhac an tSaoi, Caitlín Maude, Michael Hartnett, Gabriel Rosenstock, Michael Davitt, Liam Ó Muirthile, Nuala Ní Dhomhnaill, Rita Kelly,Cathal Ó Searcaigh, Louis de Paor, Colm Breatnach agus Gearóid Mac Lochlainn. Baineann scaoilteacht foirme agus ábhair le traidisiún na nuafhilíochta dár ndóigh agus feictear an oscailteacht i dtaobh cúrsaí grá iontu. Tarraingíonn Máire Mhac an tSaoi ar thraidisúin an-ársa i litriocht na Gaeilge áfach sna dánta fíorphaiseanta ‘An Seanghalar’ agus ‘A Fhir dár fhulaingeas’. Bainfidh léitheoirí an-taithneamh as an chnuasach seo, toisc an réimse leathan dánta ann agus iad ag teacht le nóta mínithe, aistriúcháin agus réamhrá den scoth agus toisc muid ar fad a bheith beagáinín i ngrá leis an ghrá,mar a déarfá! Tá sárobair déanta ag Ciarán Mac Murchaidh anseo agus é ag cinntiú go mbeidh filíocht ghrá na Gaeilge ar fáil do réimse níos leithne léitheoirí a bhfuil grá acu don teanga.

Seans gur spéis leat...

Gaolta gairide

16.00

An fuíoll feá: Rogha dánta

20.0030.00

Lón anama

18.0020.00