Liam Ó Muirthile

Fear an tae

Dráma lonnaithe in ospidéal siciatrach.

Product ID: 613 ISBN: 978-1-901176-11-7 Catagóirí: , , ,

Dráma lonnaithe in ospidéal síciatrach. Lán den intleacht, den ghreann agus den daonnacht is dual don Mhuirthileach.

Meáchan 105 g
Leathanaigh

71

Foilsithe

1999

Books Ireland - Meán Fómhair 2000

Cé go bhfuil ceithre bliana ann ó léiríodh an dráma seo i dtosach maireann a chuimhne in intinn an phobail. Ospidéal siciatrach láthair an aicsin, agus scata carachtar 'buile' ina lúib. A scéal féin ag gach duine ach is é an ceangal atá eatarthu a ghineann an drámaíocht-agus an teannas le húdaráis an ospidéil. Meascán den ghreann dubh, den doircheacht féin agus den dóchas. Caint a shonann is a cheolann nuair is gá.


Dónall Ó Braonáin, Foinse - 19/12/1999

…Ní duairceas ar fad a chuirtear inár láthair toisc go bhfuil an greann agus an dáiríre ag tarraingt as lámha a chéile sa dráma. Tugann an saothar neamhghnách seo léargas ar shaol eile agus radharcanna ar dreach tíre inmheánach an duine.


Máirín Nic Eoin, Foinse - 22/08/1999

Is é an t-alcólachas an namhaid atá le treascairt ag an mbeirt charachtar is lárnaí sa dráma, Canavan agus Casey. Is dochtúir é Canavan chomh maith le bheith ina othar agus tugann a bhfuil le rá aige siúd léargas dochreidte cruinn dúinn ar dhéine na coimhlinte pearsanta atá le sárú ag an alcólaí agus go háirithe ar an gcaoi nach leor tuiscint intleachtúil a bheith ag duine ar an bhfadhb. …[T]ríd an gcomhrá nádúrtha agus tríd an ngníomhaíocht shochreidte éiríonn le Ó Muirthile an oiread eolais a thabhairt dúinn is a spreagfaidh ár bhfiosracht agus a chuirfidh ag machnamh sinn go ceann i bhfad.


Dónall Ó Gallchóir, Anois - 23-24/09/1995

Seo, go cinnte, an dráma is fearr i nGaeilge a chonaic mé le tamall fada. Tá doimhneas agus greann ann - neart ábhar smaoineamh, neart ábhair ghrinn. Tá a fhios againn gur file cumasach é Ó Muirthile; is dramadóir cumasach é freisin.

Seans gur spéis leat...