Tomás Ó Criomhthain, Caoilfhionn Nic Pháidín

Dinnseanchas na mBlascaodaí

Saothar deiridh Thomáis Uí Chriomhthain a chuireann síos ar logainmneacha na mBlascaodaí.

12.60 10.00

Stoc ar fáil

Product ID: 602 ISBN: 978-1-901176-13-1 Catagóirí: , , ,

Is é an Dinnseanchas saothar deiridh Thomáis Uí Chriomhthain, a d’fhoilsigh An Gúm den chéad uair i 1935. Tá an t-eagrán nua bunaithe ar lámhscríbhinn an údair, agus tá sé maisithe le líníochtaí de chuid an ealaíontóra Tomás Ó Cíobháin.

Sa Dinnseanchas, cruthaíonn an Criomhthanach úinivéars trína chuntas ar ainmneacha na mBlascaodaí. Cuireann sé anáil na beatha – daonna agus ainmhíoch -i ngnéithe aiceanta na talún agus na farraige. Tíreolas spioradálta lena chois sin é.

Faoi mar a deir sé féin: “Do cheapadh gach nduine acu so gurbh í Parthas, nó sciathán uaidh, an chloch so, agus go mbeidís féin inti an fhaid do bheadh solas insa ghréin.”

Meáchan135 g
Leathanaigh

45

Foilsithe

1999

Brian Ó Conchúir, Foinse - 13 Feabhra 2000

…is cinnte go mbeidh díol maith air i measc dílseoirí Chorca Dhuibhne i rith an tSamhraidh go háirithe agus na léaráidí tarraingteacha atá ann.


Books Ireland - Meán Fómhair 1999

'Eagrán barántúil den téacs a sholáthar, a bheadh soléite san am céanna' is ea a chuir an t-eagarthóir roimpi, agus ní miste a rá go bhfuil seo déanta go slachtmhar, críochnúil.


Micheál de Mórdha, Foinse - Lúnasa 1999

Cois Life Teoranta a d'fhoilsigh an t-eagrán seo atá chomh deas d'eagrán agus a fhéadfá a fháil.Tá an t-eagrán bunaithe ar lámhscríbhinn an údair féin agus é curtha in eagar go tuisceanach ag Caoilfhionn Nic Pháidín. Is fiú an leabhar a cheannach gan aon chúis eile ach chun breithniú ar an dtarraiceoireacht iontu atá déanta ag Tomáisín Ó Cíobháin ón nGráig chun an leabhar a mhaisiú.

Seans gur spéis leat...