John Walsh

Díchoimisiúnú teanga: Coimisiún na Gaeltachta 1926

Spléachadh ar stair Choimisiún na Gaeltachta agus ar Éirinn a linne.

12.00 10.00

Product ID: 601 ISBN: 978-1-901176-32-2 Catagóirí: , , , ,

Bliain chinniúnach in Éirinn do shiombail an náisiúnachais ba ea 1926 ar mhórán slite. Shocraigh Éamon de Valera páirtí nua polaitiúil, Fianna Fáil, a bhunú a raibh a léamh féin ar theanga agus ar náisiún aige. Chuaigh Raidió Éireann i mbun craolta agus d’fhoilsigh Coimisiún na Gaeltachta tuarascáil a leag síos, den chéad uair, teorainneacha oifigiúla na Gaeltachta agus a thug léargas nua ar shaol an phobail iontu.

Is ar obair an Choimisiúin sin atá an leabhar seo bunaithe, leabhar a thugann léaspairt ar shaol agus ar aigne mhuintir na Gaeltachta. Tá léarscáil lándaite iniata leis an leabhar. Léachtóir in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh is ea John Walsh.



Meáchan215 g

- 13 Meitheamh 2002

Baineann bunús an leabhair le sleachta ó na ráitis a thug daoine éagsúla don choimisiún, idir mhúinteoirí scoile, shagairt, dhochtúirí agus ionadaithe pobail. Tá idir eolas agus tuairimíocht sna sleachta seo agus tugann siad an-léiriú ar staid na Gaeilge i gceantair éagsúla agus ar mheon na ndaoine. …Tá de bhua ag an leabhar seo nach bhfuil na sleachta seo rófhada ach go bhfuil éagsúlacht mhaith roghnaithe ag an údar, is go gcluineann muid guthanna ó na Gaeltachtaí agus ó na breac-Ghaeltachtaí uilig.


Sorcha Ní Mhonacháin, Foinse, 28 Aibreán 2002

Is léiriú é an saothar seo ar "pholasaí oifigiúil forbartha an Stáit i leith na Gaeltachta", dar le John. "Tá i bhfad níos mó i gceist le forbairt ná rátaí fáis amháin." Sa tréimhse a bhaineann le tuarascáil an Choimisiúin " bhí idéalú as cuimse déanta ar na ceantair Ghaeltachta. Faoi thús na ndaichidí bhí míréir iomlán polasaí idir forbairt gheilleagair agus chultúrtha. Bhí an dearcadh ann go fóill gurb í an Ghaeltacht fíorthobar na hÉireann ach ní raibh aon iarracht ann forbairt eacnamaíochta a dhéanamh san áit." Tá samplaí i réamhrá an leabhair den easpa réadúlachta seo i leith na Gaeltachta a léiríodh sa Chlaidheamh Solais, áit a ndéantaí cur síos maoithneach aislingeach ar cheantar "a raibh an tóin tite as ó thaobh geilleagair de, a raibh na daoine ag streachailt leis an saol agus ráta ard imirce ann," arsa John. Creideann sé nach mbeadh an Ghaeltacht sa tsáinn ina bhfuil sí inniu dá gcuirfí na moltaí i bhfeidhm sa tréimhse cinniúnach sin i stair eacnamaíoch na tíre. I measc na moltaí eile bhí, go gcuirfeadh an Roinn Oideachais téacsanna Gaeilge ar fáil agus go mbunófaí coláistí Gaeilge ullmhúcháin. Guth an phobail ata i gceist sa leabhar seo. "Is iad aighneachtaí na ndaoine ar labhraíodh leo i 1925 atá ann…."

Seans gur spéis leat...