Lorcán S. Ó Treasaigh

Céard é English?

Ficsean ceannródaíoch, dírbheathaisnéisiúil faoina óige i dteaghlach Gaelach i mBaile Átha Cliath. Pioneering autobiographical fiction about growing up in an Irish-speaking family in Dublin

12.00

As stoc

Product ID: 576 ISBN: 978-1-901176-30-8 Catagóirí: , , , ,

Ficsean ceannródaíoch, dírbheathaisnéiseach i bprós fileata le Lorcán S. Ó Treasaigh faoina óige i dteaghlach Gaelach i mBaile Átha Cliath. Fear óg ag fás aníos ag labhairt Gaeilge i dtimpeallacht chathrach nua-aimseartha, an teannas idir an dá shaol agus an greann dóite a eascraíonn as sin.



Leathanaigh

162

Foilsithe

2002

The Irish Times - 19 Iúil 2002

Cuireann sé iontas arís agus arís eile ar an cholúnaí seo an cumas cruthaitheach samhlaíoch a léiríonn scríbhneoirí próis na Gaeilge…[T]á Lorcán S. Ó Treasaigh ar dhuine de na húrscéalaithe misniúla sin. Is é Céard é English? (Cois Life) an saothar is nuaí uaidh. "Ficsean dírbheathaisnéisiúil" a thugann na foilsitheoirí ar an leabhar. Is breá an chodarsnacht idir an dá fhocal - dírbheathaisnéis atá ficseanúil, cumadóireacht bunaithe ar an réaltacht. Baineann an leabhar féin le hóige gasúir óig i mBaile Átha Cliath. Le Gaeilge atá an gasúr agus a dheartháir á thógáil; Béarla thart orthu. Téann an scéalaíocht go mór i bhfeidhm ar an léitheoir - an mheascra sin de cheanndánaíocht na dtuismitheoirí, iad ag déanamh a ndíchill Gaeilge a labhairt lena bpáistí agus gach duine eile sa chomharsanacht agus ina dteaglach féin ag spalpadh Béarla le linn a ama. Tógann Ó Treasaigh meon comhfhiosach na bpáistí leis. Tuigeann siad nach ionann iad agus daoine eile, go bhfuil siad ar bhealach éigin ait, éagosúil leis an chuid eile dá gcomrádaithe; an suaitheadh intinne agus an phráinn a thagann orthu dá bharr idir an aistrithe ó theanga phoiblí an Bhéarla go teanga phríobháideach na Gaeilge. "Tá Mam ag caoineadh. Tá sí trí chéile. Tá a deartháir ina sheasamh taobh léi. Maybe you shouldn't have done it, a deir sé, rear them through Irish."


Irish Post - 5 Deireadh Fómhair 2002

Tá leabhar beag an-taitneamhach scríofa ag Lorcán Ó Treasaigh faoin teideal Céard é English? Tá sé scríofa mar úrscéal i stíl éadrom impriseanaíoch. Cruthaíonn an t-údar pictiúr breá deisbhéalach faiona theaghlach agus faoin tsochaí Éireannach ag an am.


Foinse - 13 Deireadh Fómhair 2002

Aoibh mharánta mhiochaireach na hóige a chuireann an léitheoir chun sástachta i leathanaigh tosaigh an úrscéil dhírbheathaisnéisiúil fhicseanúil seo ó pheann Lorcáin S. Uí Threasaigh. Breathnaítear trí shúile naíonáin go soineanta ar tharlúintí tí, agus tionchar an tsaoil lasmuigh den gheata ar an mbeatha laethúil…

Tógadh teideal an leabhair (Céard é English?) seo ó theanga na teilifíse agus ón teanga a labhraíodh lasmuigh ar an mbóthar. Inste sa chéad phearsa, níl aon stambán déanta den scéal, ach é beo, bríomhar san aimsir láithreach, le béim ar chaint na gcarachtar. Tá simplíocht nádúrtha ar gach gearrlíne, gach focail ag tógaint pictiúr is stuála íomhánna. Cuireann véarsaí éagsúla ó amhráin áirithe de chuid na n-óg le spraoi an ama agus le taitneamh is iontas gach ócáide. Tugtar cuntas ar thimpiste, ar shaol scoile, ar Aifrinn, ar shiopadóireacht na Nollag, ar mhíthuiscintí teanga: "culaith snámha", ag dul a chodladh.) Caitear dua le draíocht an duine óig sna scéalta; an eachtra faoi Naomh Bríd agus a fallaing, Matt Talbot agus slabhra, mar shampla. Bíodh is go bhfuil an chumarsáid beo, tá an óige suite san aimsir chaite; caint ar nuascannáin mar The Guns of Navarone. Dírítear isteach ar na rudaí tábhachtacha a d'fhág rian ar intinn an pháiste; cuairt ar Dhaidí na Nollag, turais bhus, dul ar oilithreacht go Contae Mhaigh Eo, goid rothair… Tá an-smacht ag an údar ar an bpeann, b'fhuirist don tsamhlaíocht imeacht gan smacht, ach éiríonn leis an teanga gluaiseacht go héifeachtach dosmálta ó eachtra go heachtra, mar a bhogann aire luaineach linbh. Ta gach ní inste i bhfís an pháiste. Tá trí 'roinn' más maith leat sa leabhar seo, an chéad cheann (lch. 7-78) ag plé leis an óige; an dara cuid (79-126) leis na déaga; agus an chuid eile mar dhuine fásta.

Sa dara mír, tá radharcanna ar shuirí na mbuachaillí le cailíní, turas traenach, turas chun na Gaeltachta (agus gach a bhain leis)…Is fiú a thabhairt faoi deara go dtugtar léamh eile ar chuid de na heispéiris a chas linn sa chéad mhír - Aifreann, turas siar, seomra ranga, agus dearcadh éagsúil, léirithe ó thaobh an déagóra atá ar nós cuma liom fé. Athraíonn ainm ó 'Chumhaillín' go 'Cooleen', mar shampla, buailimid le bráthair i mbun smachta sa rang, an t-aistear foghlamtha thar lear (Londain agus an Bhreatain Bheag); deochanna, freastal ar an tríú leibhéal; agus obair ar deiridh, agus ag an am céanna, an stócach ag iarraidh a bheith fásta suas, ach an tsoineantacht fós ag briseadh tríd. Críochnaíonn an leabhar féin ar abairt ollmhór thar ocht nó naoi leathanach! Tá úire aoibhinn ag baint leis an bhfriotal sa leabhar seo, na focail simplí, agus iompraíonn an éascaíocht geáitsí is gnásanna na gcarachtar go seoigh. Tá an t-údar maothchroíoch a dhóthain le tuiscintí áirithe a fhí isteach go nádúrtha tríd an gcaint, gan aon mhúineadh, ach fíorléiriú ar a chás. Spraoiléitheoireacht í seo a thabharfaidh taitneamh don léitheoir, struchtúr cliste a mheallfaidh an duine ag lorg spóirt.

Seans gur spéis leat...