Liam Ó Muirthile

Ar an bpeann

Rogha an údair atá anseo dá chuid colún “An Peann Coitianta” 1997-2003 ó The Irish Times . A collection of the author’s choice from his column “An Peann Coitianta” 1997-2003 in The Irish Times .

15.00

As stoc

Product ID: 559 ISBN: 978-1-901176-61-2 Catagóirí: , ,

Rogha an údair atá anseo dá chuid colún An Peann Coitianta 1997–2003, ábhar nár foilsíodh cheana i bhfoirm leabhair. Cuimsíonn siad na gnéithe is fearr den réimse forleathan ábhair a saothraíodh, ón saol sráide go dtí an móinteán sléibhe, ón ngreann bearrtha go dtí an tubaiste shaolta, ón machaire iomána go dtí an gairdín cúil, i stíl a shíneann ón teanga chlasaiceach go dtí an Criól comhaimseartha.

Ina dteannta sin tá aiste chuimsitheach ar a thaithí féin ar an gcolúnaíocht agus ar an scríbhneoireacht chruthaitheach. Shaothraigh an t-údar a cholún seachtainiúil in The Irish Times ó 1989 go dtí 2003. Bhí an-ráchairt ar an dá chnuasach a foilsíodh cheana i bhfoirm leabhar, An Peann Coitianta (1991) agus An Peann Coitianta 2 (1997).

Tá cnuasaigh filíochta, drámaí agus úrscéalta foilsithe aige freisin.

Leathanaigh

228

Foilsithe

2005

Seans gur spéis leat...