RI-layout

Michal Boleslav Měchura

An ríomhaire ilteangach

Pléifidh an leabhar seo leis an dóigh a láimhseálann ríomhairí teangacha éagsúla agus tabharfaidh sé treoir phraiticiúil don léitheoir maidir le leas a bhaint as an teicneolaíocht teanga. The book will explain how computers deal with various languages and will give you the knowledge you need to use language technology responsibly.

15.00

Product ID: 550 ISBN: 978-1-907494-70-3. Catagóirí: , , , .

Sa leabhar seo pléitear an dóigh a láimhseálann ríomhairí teangacha éagsúla, agus tugtar treoir phraiticiúil don léitheoir maidir le leas a bhaint as an teicneolaíocht teanga.

Pléitear ábhair ar nós: ionchur agus formáidiú téacs i dteangacha éagsúla; an tseiceáil litrithe agus gramadaí; foclóirí agus áiseanna tagartha teanga ar líne; an meaisínaistriúchán; suímh idirlín ilteangacha agus logánú bogearraí.

Dírithe ar an léitheoir ginearálta seachas speisialtóirí ríomhaireachta, is léitheoireacht riachtanach é seo do gach duine a láimhseálann breis is teanga amháin ar an ríomhaire.

Tá a shuíomh idirlín féin ag an leabhar ar a bhfuil breis eolais, ábhar bónais agus naisc chuig eolas eile a bhaineann le topaicí an leabhair. Tabhair cuairt air: http://www.lexiconista.com/arit/

Meáchan450 g
Foilsithe

2017