Maolmhaodhóg Ó Ruairc

Aistrigh leat

Treoirleabhar praiticiúil don aistritheoir maraon le saothair sárluachmhara eile leis an údar seo ar CD-ROM. A practical guide for the translator accompanied by other invaluable works by this author on CD-ROM.

20.00

Níl stoc ar fáil

Product ID: 537 ISBN: 978-1-901176-69-8S Catagóirí: , ,

Léargas ar cheird an aistritheora Ghaeilge bunaithe ar thaithí na mblianta ag an údar i mbun na gairme sin sa Bhruiséil. Léirítear an comhthéacs teoiriciúil agus na hacmhainní atá ag fáil don aistritheoir Gaeilge sa lá inniu. Tugtar an iliomad samplaí praiticiúla mar threoir don aistritheoir atá ag dul i mbun staidéir ar an aistriúchán nó ag tosú amach sa ghairm sin. Bhí an-éileamh ar shaothair eile an údair sa réimse seo, Dúchas na Gaeilge (1996), Aistrigh go Gaeilge (1997) agus I dTreo Teanga Nua (1999). Tá leagan inchuardaigh den téacs féin móide Dúchas na Gaeilge, Aistrigh go Gaeilge agus I dTreo Teanga Nua ar fáil ar an CD-ROM atá iniata leis an leabhar.

D’oibrigh Maolmhaodhóg Ó Ruairc i gComhairle na nAirí den Aontas Eorpach sula ndeachaigh sé ar scor.

Meáchan345 g
Leathanaigh

184

Foilsithe

2007

Ian Malcolm, LÁ , 23 Bealtaine 2007

Amanna, tá Maolmhaodhóg Ó Ruairc conspóideach mar údar de bharr a chuid tuairimí ar thodhchaí na Gaeilge, go háirithe i dtaobh leasú na gramadaí de. Tá daoine ann a aontaíonn leis gur chóir go ndéanfaí an teanga níos soiléire ar bhealaí a chruthódh ‘‘Gaeilge úr’’ a bheadh níos fusa don fhoghlaimeoir. Tá daoine eile ann nach n-aontaíonn, ar ndóigh.

Titim féin idir an dá stól. Ba bheag an mhaise don teanga dá ndéanfaí cineál Esperanto di ach tá spás ann don tsolúbthacht agus is fíor a rá go bhfuil sí ag athrú sa chaint i gcónaí. Smaoinigh ar Ghaeilge Bhéal Feirste – is mór agus is domhain an mhurascaill idir teanga gharbh na cathrach agus Gaeilge bhinn bhlasta na Gaeltachta. Ní hé sin le rá, ar ndóigh, go bhfuil leagan amháin níos fearr ná leagan eile. Fhad is atá daoine á húsáid, tá mé sásta. Ach tá fís ag Ó Ruairc i gcónaí, rud atá le feiceáil ina leabhar úr, Aistrigh Leat, saghas treoirleabhair ina scrúdaíonn sé na fadhbanna lena mbíonn an t-aistritheoir ag iomrascáil ar bhonn laethúil.

Níorbh fhéidir teacht ar aistritheoir níos gairmiúla ná Maolmhaodhóg, eisean bunaithe sa Bhruiséil leis na blianta agus ina shaineolaí ar ghnéithe na teanga a chuirfeadh sceitimíní ar an ghnáth-Ghaeilgeoir. I mbun mo chéime BA ar an ollscoil, ba ghnách liom rudaí deacra a aistriú ón Bhéarla ach níl a fhios agam cad é a dhéanfainn le habairt uafásach mar seo: ‘...obtained by the controlled action of heat on edible sugars in the presence of one or more of the following chemical compounds...’

I mbeagán focal, ní féidir lomaithris a dhéanamh ar an Bhéarla agus toradh sásúil Gaeilge a chumadh. Ach sin an rud a tharlaíonn agus fágtar sinn le Gaeilge thruaillithe nach bhfuil baint ar bith aici le teanga na ndaoine. Cuirim i gcás an ginideach. Tá an ceart ag an údar nuair a deir sé gurbh ‘‘uasal álainn úsáid an ghinidigh sa Ghaeilge tráth ach is ionann agus tíogar fiáin i naíolann é leis na blianta’’.

Aontaím lena bharúil gurbh fhiú don aistritheoir an ginideach a sheachaint nuair is féidir. Tarlaíonn seo go nádúrtha sa chaint agus úsáidtear réamhfhocail go minic: ‘‘In ionad ordú na cúirte tá traidisiún maith le ordú ón gcúirt a rá faoi mar atá ionadaí don rialtas in ionad ionadaí an rialtais. Tá cathaoirleach ar an gcruinniú lán chomh maith le cathaoirleach an chruinnithe.’’ Gabh chuig an Ghaeltacht agus geallaim duit nach gcluinfidh tú cúig ghinideach i ndiaidh a chéile sa chaint...ach bíodh trua agat don aistritheoir bocht atá ag cur Gaeilge ar ‘the once-off cost of installing socially monitored alarm systems’. Ní bhaineann achan fhadhb leis an ghinideach, áfach, agus tá Maolmhaodhóg ar a mharana faoi ghnéithe eile na gramadaí a chuireann as don aistritheoir. Níl aon nasc, a deir sé, sa Ghaeilge idir feidhm agus inscne – fuinneog (b.) agus doras (f.), mar shampla. Cad chuige? Ní heol dom ach cruthaíonn sé dornán úr d’fhadhbanna. Fiafraíonn sé: ‘‘Cé acu is fearr tá an chuach ina héan nó ina éan a rá, agus cad faoi tá an t-éan ina chuach nó ina cuach?’’ Tá an pictiúr agat: saothraíonn an t-aistritheoir a chuid (nó a cuid!) le dúthracht, le díograis agus le dua. Ní ceird shimplí í. Sa leabhar fiúntach seo, tá treoir don ábhar aistritheora, mar aon leis an té a bhfuil suim aige i gcruinneas na teanga.

Sa dara cuid, pléann Maolmhaodhóg téacsanna a bhaineann le réimsí éagsúla, ag cíoradh an Bhéarla sula gcuireann sé Gaeilge chruinn bheacht ar an phíosa. I gcónaí, dar leis, caithfidh an t-aistritheoir smaoineamh ar an duine a bheas ag léamh.

‘‘Má thuigeann an léitheoir an téacs agus an teachtaireacht atá sa téacs, tá rath ar obair an aistritheora. B’fhiú don aistritheoir mar sin téacs a chumadh amhail is dá mbeadh sé á scríobh go pearsanta aige féin."

Tá mé cinnte go bhfuil muid uilig ar aon intinn leis an mhéid sin...

Seans gur spéis leat...