Caoilfhionn Nic Pháidín, Seán Ó Cearnaigh

A new view of the Irish language

Imleabhar ilúdar é seo i mBéarla, a rianaíonn scéal agus staid na Gaeilge sa lá inniu. Pléitear gnéithe éagsúla den Ghaeilge, m.sh. an t-oideachas, na meáin, an Ghaeltacht agus an litríocht. This multi-author work (in English) portrays the story and the current state of the Irish language. Among the topics covered are education, the media, the Gaeltacht and literature.

20.00 15.00

Product ID: 529 ISBN: 978-1-901176-82-7 Catagóirí: , , , , , ,

Imleabhar ilúdar é seo i mBéarla, a rianaíonn scéal agus staid na Gaeilge sa lá inniu. Pléitear gnéithe éagsúla den Ghaeilge. Orthusan tá an t-oideachas, stádas, na meáin, an Ghaeltacht, an litríocht, agus teagasc agus foghlaim na Gaeilge. Pléitear freisin le gnéithe sochtheangeolaíocha a bhaineann le dearcadh i leith na teanga, imirce, domhandú agus féiniúlacht. Ar na húdair tá: Ruairí Ó hUiginn, Pádraig Ó Riagáin, Liam Mac Mathúna, Máirín Nic Eoin, Liam Ó Muirthile, Gearóid Ó Tuathaigh, John Harris, Breandán Delap, Conchúr Ó Giollagáin, Seosamh Mac Donnacha, Caoilfhionn Nic Pháidín, Pádraig Ó Laighin, Lillis Ó Laoire, Anna Ní Ghallachair, Ciarán Mac Murchaidh, Brian Ó Conchubhair, Aidan Doyle, Aidan Punch, Suzanne Romaine, Dónall Mac Giolla Easpaig agus Iarfhlaith Watson.



Meáchan620 g
Foilsithe

2008

Ciarán Ó Priontaigh, Lá Nua, 11 Meitheamh 2008

Ní fiú dúinn ár gcloigeann a shá sa ghaineamh agus neamhaird a thabhairt ar an saol mór thart orainn, go háirithe an miotas nach bhfuil baint ar bith ag saol an Bhéarla lena dtarlaíonn don Ghaeilge. Sin go bunúsach an teachtaireacht atá ag an leabhar nua ó Cois Life, A New View of the Irish Language (eagarthóirí Caoilfhionn Nic Pháidín agus Seán Ó Cearnaigh). Cé gur tógáil é, i spiorad, ar a laghad, ar A View of the Irish Language le Brian Ó Cuív, ní ar an Ghaeilge féin a dhéanann sé iniúchadh ach ar staid shochtheangeolaíoch na teanga, ó theagasc na teanga (i ngach dóigh), pobail labhartha na Gaeilge (sa Ghaeltacht agus sa Ghalltacht), na meáin, an Ghaeilge mar chuid de thionscnamh tógála náisiúin agus gnéithe cultúrtha agus liteartha.

Tá píosaí áirithe a gcuirfidh daoine áirithe spéis iontu. An chaibidil faoi phróslitríocht le Máirín Nic Eoin agus an ceann faoin fhilíocht leis an fhile Liam Ó Muirthile, dhá cheann a thaitneoidh le daoine áirithe; an chaibidil faoi chúrsaí ceoil le Lillis Ó Laoire a thaitneoidh le daoine eile. Ach mar a dúirt mé, is ar an tsochtheangeolaíocht atá an bhéim agus an-léargas tugtha ar staid na Gaeilge agus a bhfuil i ndán di mura n-athraítear béasa. An lámh atá ag an rialtas (ó dheas den chuid is mó, nó is ar an stát sin is mó atá an leabhar dírithe) fócas mór an leabhair agus an dóigh a ndeachaigh a chuid polasaithe i bhfeidhm ar chur chun cinn na teanga. Agus ní an béal bán a chuirtear inár láthair. Tá ag teip orainn an teanga a choinneáil beo mar mheán cumarsáide i measc an aosa óig sa Ghaeltacht, mar shampla. Ach níos mó ná sin, sa chaibidil 'The Gaeltacht Today' le Conchúr Ó Giollagáin agus Seosamh Mac Donnacha, tugtar léargas ar an áit a bhfuil an lúb ar lár.

"The home transmission," a deir siad, "of a language lays the initial acquisitional framework, but the younger speakers complete this process themselves by using and developing their linguistic capacities within their own social and institutional networks. As the Irish-speaking networks among the young become more marginalized and disrupted in their own community, their ability to complete the acquisition process becomes increasingly compromised by the introduction of English into these networks . . ."

Ar leibhéal amháin, d'éirigh leis an pholasaí líon measartha ard cainteoirí Gaeilge a chur ar fáil, ach ar leibhéal eile, theip glan air meath na nGaeltachtaí traidisiúnta a stopadh. Pléann roinnt caibidlí na fáthanna a bhfuil an scéal amhlaidh, idir chúrsaí sóisialta, eacnamaíocha agus eile. Agus fágtar muid leis an cheist ag an deireadh: an bhfuil an Ghaeilge, mar theanga phobail, ar an dé deiridh? An freagra atá ann go mbeidh deireadh léi mura ndéantar cinnte de go mbeidh úsáid shóisialta léi agus leagtar amach spriocanna chuige sin. Rudaí mar thacaíocht urghníomhach a thabhairt do thuismitheoirí agus an rogha teanga á déanamh acu, polasaithe oideachais a fhéachfaidh na bearnaí teanga a líonadh agus an gá atá le comhlachtaí stáit bheith cinnte faoi cén éifeacht teanga a bheidh lena gcuid polasaithe. Is úsáideach a leithéid a fheiceáil i bprionta, ach tá fadhb againn fós a bheith cinnte cad iad na hiarrachtaí praiticúla is féidir a dhéanamh leis na spriocanna sin a chur i gcrích.

Agus is úsáideach a leithéid de leabhar a fheiceáil i mBéarla nó tá an oiread sin aineolais i measc lucht an Bhéarla gur chóir feachtas oideachais a chur orthu. Tuigeann tú féin an rud, bí geall, nó na ceisteanna a chuirtear faoin teanga, is ceisteanna gan chiall iad cuid mhaith den am. Agus dhéanfadh leabhar chomh cuimsitheach seo maitheas dúinn mar Ghaeil, chomh maith, agus muid ag iarraidh teacht ar réiteach ar na fadhbanna, ar ndóigh. Is deas a fheiceáil go bhfuil bá ag ár dtaoiseach nua leis an Ghaeilge agus go bhfuil sí ag dul a bheith ag barr an chláir, dar leis. Mholfainn dó agus dá chuid comhairleoirí an leabhar soléite seo a thógáil agus é a úsáid mar léarscáil nó tá go leor le foghlaim uaidh.

Léirmheas i mBéarla ar A New View of the Irish Language le Pól Ó Muirí. Brúigh anseo.

Seans gur spéis leat...