Léirmheas Leabhar ar TG4: I dtír mhilis na mbeo 2 Meitheamh 2017

Tá gliondar croí ar fhoireann Cois Life inniu toisc gur roghnaíodh I dtír mhilis na mbeo le Colm Ó Ceallacháin mar ábhar plé ar an gclár Léirmheas Leabhar a léiríodh ar TG4. Bíonn an clár ar siúl ar bhonn míosúil agus déantar plé agus critic ar leabhar ar leith i bhfoirm agallaimh le beirt aíonna.

I mbun an phlé bhí Éilis Ní Anluain, úrscéalaí agus scríbhneoir, in éineacht le Jody Coogan, mac léinn dochtúireachta in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste. Ba í an Dr Róisín Ní Ghairbhí, léachtóir i gColáiste Mhuire Gan Smál a chuir an clár i láthair.

Díospóireacht bhríomhar a bhí i gceist agus ba chúis áthais dúinn gur bhain na haíonna taitneamh as an leabhar. Tugadh moladh dó mar gheall ar réadúlacht na gcarachtar agus de bharr stíl na reacaireachta i ngach scéal. Dúradh go n-éiríonn leis an údar an léitheoir a mhealladh isteach agus ansin go nochtar ceisteanna casta faoi mhoráltacht an chine dhaonna. Tá dhá scéal trialach sa chnuasach a bhaineann an-úsáid as cleasaíocht focal, agus fuair an dá cheann acu ardmholadh ón mbeirt léirmheastóirí.

Tá an clár Léirmheas Leabhar curtha suas ar Sheinnteoir TG4 anois.  Beidh sé ann ar feadh cúig seachtaine ón 1 Meitheamh.

Is é I dtír mhilis na mbeo an chéad chnuasach gearrscéalta atá scríofa ag Colm Ó Ceallacháin, agus tá lascaine 20% ar fáil an tseachtaine seo má cheannaíonn tú ó coislife.ie é.

Tá sé ar fáil i bhfoirm ríomhleabhair ón iliomad siopaí ríomhleabhar freisin. Más maith leat é a fháil ó Amazon níl ort ach cliceáil anseo>>

Más maith leat éisteacht le closleabhar saor in aisce de I dtír mhilis na mbeo ar Soundcloud, brúigh anseo>>

« Aon Scéal? – ‘An ríomhaire ilteangach’ faoi chaibidil
‘Íbíotsa’ le Labhrás Ó Finneadha – Leabhar an Mheithimh ag ClubLeabhar.com »