LÉIGH: Léirmheas Seomra Ranga ar ‘Scéalta le hinsint don ghealach’ 19 Aibreán 2018

Léirmheas ar Seomra Ranga.com leis an múinteoir Ann Marie O’ Donovan ó Scoil Naomh Micheál i gCorcaigh.

‘Ó thaobh litríochta agus ealaíne de, is leabhar álainn é seo. Thosnaíos á léamh le mo rang (4ú go 6ú) tar éis aonad faoin mbéaloideas. Chomh maith leis sin táim tar éis an leabhar a úsáid mar bhunús do roinnt ranganna ealaíne agus dánta. Tá sceitseanna Olivia Golden go gleoite agus cabhraíonn siad go mór do thaithneamhacht an bhailiúcháin.

Tá an litríocht sna scéalta simplí go leor chun tuiscint, ach tá a lán saibhreas ag baint leis. Tá sé cabhrach go bhfuil foclóir do na focail neamhchoitianta ag deireadh an leabhair. Táim ag tnúth leis an leabhar seo a úsáid tríd an bhliain chun é léamh os ard sa rang agus táim lánsásta é a mholadh.’

Is féidir an léirmheas iomlán a léamh anseo >>

 

« ‘Scáthán’ na bliana seo seolta in DCU
LÉIGH: Léirmheas Tuairisc.ie ar ‘Ainmhithe na hÉireann’ »