Gradam Uí Shúilleabháin 2018 ag Oilithreach Pinn 31 Deireadh Fómhair 2018

Is mór an ónóir do Cois Life Gradam Uí Shúilleabháin a bheith bronnta ar Oilithreach Pinn le Liam Ó Muirthile. Fógraíodh inniu ag Oireachtas na Samhna go raibh an Gradam ag an leabhar deireanach próis ón údar iomráiteach. ‘Fionnachtain phearsanta’ a bhaist sé féin ar an dialann seo.

D’fhoilsigh Cois Life cnuasach dánta leis a chum sé ar an mbealach, Camino, in 2018, agus foilseofar File ar fhile: Dánta Arthur Rimbaud – aistriúcháin ar fhilíocht Rimbaud, in 2019.

« Leabhar nua le hOrna Ní Choileáin – foláireamh (aimsire) tugtha!
Gearrliostaí: Gradam Uí Shúilleabháin agus Gradam Réics Carló 2018 »