Gearrliostaí: Gradam Uí Shúilleabháin agus Gradam Réics Carló 2018 16 Deireadh Fómhair 2018

Tá trí shaothar le Cois Life ainmnithe ar ghearrliostaí na nGradam ag Oireachtas na Samhna!

Tá an leabhar béaloidis do léitheoirí óga le Caoimhe Nic Lochlainn – Scéalta le hinsint don ghealach – ainmnithe do Ghradam Réics Carló. Is í Olivia Golden a mhaisigh an leabhar.

Tá dhá shaothar do dhaoine fásta ainmnithe do Ghradam Uí Shúilleabháin, is iad sin Oilithreach pinn le Liam Ó Muirthile (grianghraif le Moira Sweeney) agus Súil eile le Seán Tadhg Ó Gairbhí (íomhá chlúdaigh le Robert Ballagh).

‘Déanaim comhghairdeas ó chroí leis na foilsitheoirí uile atá ar ghearrliostaí na bliana seo’, a dúirt Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais. ‘Tá gairmiúlacht, ard-chaighdeán foilsitheoireachta agus paisean ag baint le gach aon leabhar atá ainmnithe agus tá ríméid orainn san Oireachtas an
t-aitheantas cuí a thabhairt do na tithe foilsitheoireachta arís i mbliana. Ní raibh oiread rogha riamh ag léitheoirí na Gaeilge agus tréaslaím leis na foilsitheoirí an díograis a chaitear chun sár chaighdeán leabhair a fhoilsiú bliain i ndiaidh bliana.’

Bímis ag súil le fógairt na dtorthaí ag tús na Samhna!

« Gradam Uí Shúilleabháin 2018 ag Oilithreach Pinn
Ráiteas ó Cois Life »