Gearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin 2017 fógartha 6 Deireadh Fómhair 2017

Fógraíodh gearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin (Oireachtas na Gaeilge) an tseachtain seo ar an 4 Deireadh Fómhair.

Tá gliondar croí orainn go bhfuil trí leabhar le húdair linne ar an ngearrliosta i mbliana.

Is iad na saothair uilig atá ainmnithe i mbliana ná:


  • Conaire Mór Seacht nDoras na Cinniúna
    le Diarmuid Johnson (Foilsithe ag Leabhar Breac)

  • Corp an Duine Uasail, úrscéal grafach le Pénélope
    aistrithe ag Darach Ó Scolaí (Foilsithe ag Leabhar Breac)

  • Cré na Cille le Máirtín Ó Cadhain
    (eagrán nua foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht)


 

 

Táimid ag súil go mór le fógairt thorthaí an chomórtais agus le bronnadh na nduaiseanna liteartha ar an 1 Samhain i gCill Airne!

« Seolfar ‘Oilithreach pinn’ ar an Aoine
CRUINNSCRÍOBH: Ceachtanna ar líne anois »