FÉACH: Murdair Mhám Trasna le craoladh ar TG4 3 Aibreán 2018

Ar an 4 Aibreán craolfar ‘Murdair Mhám Trasna’ ar 9.30pm ar stáisiún teilifíse TG4 agus go hidirnáisiúnta ar www.tg4.ie. Is iad ROSG léiritheoirí an dráma faisnéise seo agus é bunaithe ar an insint atá in ‘Éagóir: Maolra Seoighe agus Dúnmharuithe Mhám Trasna‘.

Eachtra staire atá ann atá greanta go glé fós i ndaonchuimhne an phobail lenar bhain sí. Baineann croí an scéil le crochadh éagórach agus príosúnú saoil ar dhaoine neamhchiontacha bunaithe ar fhianaise bhréige, ar bhrathadóirí, agus ar mhímhacántacht na n-údarás agus na n-uaisle. Dúnmharuithe barbartha i ndorchadas na hoíche i bpobal iargúlta i nDúiche Sheoighe, ar an teorainn idir Gaillimh agus Maigh Eo, sa bhliain 1882, a thionscain na himeachtaí uile. Insint úrnua atá sa leabhar féin ar iomlán an scéil le pictiúir stairiúla agus taifid oifigiúla nár foilsíodh cheana i bhfoirm leabhair.

De réir Tuairisc.ie:

‘Tá pardún iarbháis le tabhairt ag an Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn do Mhaolra Seoige ar crochadh san éagóir é as dúnmharuithe Mhám Trasna sa bhliain 1882. Seo an dara huair riamh ag Uachtarán de chuid na hÉireann pardún iarbháis a thabhairt.’

Féach ar a thuilleadh réamhbhlaisíní anseo thíos, agus lean an comhrá ar Twitter leis an haischlib #MurdairMhámTrasna.

 

 

 

« LÉIGH: Léirmheas Tuairisc.ie ar ‘Ainmhithe na hÉireann’
ÉIST: Siompóisiam Éilís Ní Dhuibhne »