ÉIST: Podchraoladh ClubLeabhar.com 15 Eanáir 2018

Tá an leabhar nua ‘Idir dhá thír’ le Alex Hijmans mar leabhar na míosa ag ClubLeabhar.com. An mhí seo, tá clubanna leabhar ag tabhairt faoin gcnuasach gearrscéalta seo a léamh agus a phlé.

Gach mí, cuireann ClubLeabhar.com podchraoladh le chéile mar phointe tosaigh don phlé a bhíonn ar siúl. An uair seo, tháinig an tOll. Máirín Nic Eoin agus Oisín Montanari le chéile chun an saothar a mheas.

 

Oisín:

Tá éagsúlacht idir na scéalta ó thaobh suíomh na scéalta ar fad, ach tá siad ceangailte de réir téama. An rud a thug mé faoi deara ná go mb’fhéidir bhfuil an t-údar ag iarraidh cur ina luí ar na léitheoirí gur téamaí uilíocha iad na téamaí atá á bplé aige, cuma cén áit ina bhfuil siad suite.

Máirín:

Tá caidrimh lárnach sna scéalta, na caidrimh a bhíonn ag daoine lena chéile agus an chaoi a n-athraíonn sé sin, b’fhéidir, thar tréimhse ama. Déarfainn gurb é an scéal ab [—] ar fad mar sin féin ná ceann de na scéalta ba ghiorra, agus sin é an scéal ‘An Neascóid’ […] Níl tréimhse an-fhada i gceist ach tá sórt fadhb i gceist maidir leis an dearcadh a bhí ag duine agus léirítear é sin go han-mhaith.

Tá an leabhar féin ar fáil le ceannach ach cliceáil ar an gclúdach seo thíos:
« ÉIST: Podchraoladh ‘Motherfoclóir’
FÍSEÁN: Cnuasach nua gearrscéalta ag Alex Hijmans »