Closleabhar le Mac Mathúna agus Tóibín (2009) 30 May 2010

Samhain 2009
Ag ócáid ceiliúrtha in Amharclann na Mainistreach i mí na Samhna 2009, sheol an t-aiseoir iomráiteach Barry McGovern an closleabhar Gearrscéalta le Seán Mac Mathúna á léamh ag Niall Tóibín. Ocht scéal as an gcnuasach Úlla atá ar na ceithre dhlúthiosca sa phacáiste seo in abhfuil leabhrán eolais le réamhaiste le hEoghain Ó hAnluain faoi cheird Uí Mhathúna. Mar chuid den ócáid eagraíodh agallamh poiblí ar Niall Tóibín agus Theo Dorgan mar fhear an tí.

(Grianghraif / Photography: Barry Delaney)