Dhá leabhar ar ais arís!

Tá athchló déanta againn ar Éagóir agus Leabhar laethanta! Foilsíodh Éagóir le Seán Ó Cuirreáin beagnach bliain ó shin anois, agus tá tóir leanúnach ar an leabhar ó shin. Dhíolamar beagnach gach cóip a bhí againn de, agus anois tá breis cóipeanna faighte againn! Tá ROSG ag obair ar chlár faisnéise bunaithe ar ábhar an leabhair: Fadscannán faisnéise nua a fhorbairt do TG4 – Éagóir: 09 Meitheamh 2016 Tá ríméad ar ROSG a fhógairt go…

Léigh tuilleadh

Seolfar ‘I dtír mhilis na mbeo’ ar an 20 Aibreán

An seoladh: Seolfar an cnuasach gearrscéalta le Colm Ó Ceallacháin, I dtír mhilis na mbeo, ar an 20 Aibreán. Beidh an seoladh ar siúl ag 18.00 sa Lárleabharlann i gCorcaigh, 57-61 Sráid an Chapaill Bhuí. Is é Mícheál Ó Ruairc a sheolfaidh an leabhar. Anuas air sin, beidh ceardlann sa scríbhneoireacht chruthaitheach ar siúl ag 17.00 ar an lá céanna sa Lárleabharlann. Colm Ó Ceallacháin a bheidh ina bun, i gcomhar le Peann & Par,…

Léigh tuilleadh

Éist siar: ‘Greim na vaimpíre’ á mheas ar Raidió na Life

An Luan beag seo caite, cuireadh leabhar nua Orna Ní Choileáin faoi bhráid éisteoirí Raidió na Life, agus é pléite ar an gclár Aon Scéal? Is é teideal an leabhair ná Greim na vaimpíre agus bhí Niamh Ní Chadhla i láthair chun é a phlé leis an láithreoir Róisín Adams. Ní raibh ceann ar bith de na scéalta vaimpíre eile léite ag Niamh sular thug sí faoin leabhar seo, ach dar léi níor chuir sé sin aon… Léigh tuilleadh

Alex Hijmans – an scéal agus an suíomh, ar Tuairisc.ie

Tá colún scríofa ag Alex Hijmans ar Tuairisc.ie ina labhraíonn sé faoi shuíomh an scéil agus an tionchar a bhíonn aige sa scríbhneoireacht chruthaitheach. Labhraíonn sé faoin áit a bhfuil a úrscéal is déanaí, An tearmann, lonnaithe — agus faoin gcaoi a chum sé an áit shamhalta sin. Ach an oiread le duine a mbeadh teach á thógáil aige, mar sin, ní mór don scríbhneoir a bheith cúramach agus suíomh á roghnú aige. Ar ndóigh, ní…

Léigh tuilleadh

Colm Ó Ceallacháin ar Tuairisc.ie

Tá píosa scríofa ag údair linne, Colm Ó Ceallacháin ar Tuairisc.ie faoin scríbhneoireacht. Seo blaiseadh beag de: Scríobhaim go páirtaimseartha, is é sin, scríobhaim nuair is féidir liom. Glacaim leis gur cacamas a bheidh sa chéad dréacht (is sa dréacht deiridh freisin, b’fhéidir), rud a shaorann mé le scríobh gan srian. Má ritheann an t-ádh liom beidh rud éigin – téama, coibhneas, líne comhrá fiú – le tarrtháil ón bpraiseach seo, rud éigin gur féidir…

Léigh tuilleadh