FÍSEÁN: Seimineár poiblí ar an ríomhaireacht sa Ghaeilge

Craoladh an seimineár poiblí seo beo ar Facebook ar an 8 Bealtaine 2017. Seo taifead de na fiseáin, agus tá achoimre thíos ar na cainteanna a tugadh agus a n-áit sna físeáin. Oscailt oifigiúil an tseimineáir leis an údar Michal Boleslav Měchura Seimineár ar an ríomhaireacht sa Ghaeilge, beo ó Champas na Naomh Uile, DCU. 00:00 – An tOllamh Kevin Scannell: Struchtúr na Gaeilge mar bhuntáiste sa ríomhtheangeolaíocht. 33:00 – Éamon Ó Dónall: Úsáid éifeachtach…

Léigh tuilleadh

Comhghairdeas ó chroí le Máire Zepf!

Comhghairdeas ó chroí le Máire Zepf, údair linne a ceapadh le déanaí mar an chéad Chomhalta le Scríbhneoireacht do Pháistí in Ollscoil na Ríona, Béal Feirste. Chruthaigh Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann an ról nua seo chun tacú leis an óige, chun tallann scríbhneoireachta a chothú agus a fhorbairt, mar aon le spreagadh a thabhairt do pháistí agus do dhéagóirí a bheith i mbun léitheoireachta. Tréimhse dhá bhliain atá i gceist leis an bpost, a bheidh… Léigh tuilleadh

GAILEARAÍ: Seoladh ‘I dtír mhilis na mbeo’ i gCorcaigh

Seoladh an leabhar I dtír mhilis na mbeo le Colm Ó Ceallacháin ar an 20 Aibreán sa Lárleabharlann i gCorcaigh. Seo roinnt grianghraif a thógamar ag an ócáid, a bhí á reáchtáil ag Féile Domhanda na Leabhar, Corcaigh. An slua ag an seoladh ag éisteacht leis na cainteoirí.   Liam Ronayne, Leabharlannaí Chathair Chorcaí ag labhairt ag an seoladh   Colm Ó Ceallacháin agus Mícheál Ó Ruairc   Diarmuid Ó Luasa agus Máirín Lankford   Colm… Léigh tuilleadh

Seimineár poiblí ar ríomhaireacht sa Ghaeilge: 8 Bealtaine

Óstálfaidh Fiontar agus Scoil na Gaeilge, DCU lá lán de chainteanna ó dhaoine i saol na Gaeilge a bhaineann úsáid nuálaíoch as an ríomhaireacht ina gcuid oibre. Seolfar an leabhar An ríomhaire ilteangach ag an ócáid, atá á heagrú ag Michal Boleslav Měchura. Tá tuilleadh eolais ar fáil ar shuíomh idirlín an leabhair, ag lexiconista.com/arit. Beidh an seimineár ar siúl Dé Luain, an 8 Bealtaine 2017 ó 10:00 ar maidin go 16:00, ar Champas na Naomh Uile de chuid Ollscoil…

Léigh tuilleadh

Léirmheas: ‘I dtír mhilis na mbeo’ á mheas ar Tuairisc.ie

Scríobh Eoin P. Ó Murchú léirmheas ar I dtír mhilis na mbeo le Colm Ó Ceallacháin, agus é le feiceáil ar Tuairisc.ie. Seo blaiseadh beag de: Tá dhá scéal ar leith ar deacair gan suntas a thabhairt dóibh. Samplaí den litríocht shrianta nó ‘constrained literature’ iad. Sa chéad cheann, Fuadach, fuadaítear an guta ‘i’ agus níl úsáidtear ar chor ar bith sa scéal é agus sa dara ceann, a thagann díreach ina dhiaidh, níl mar ghuta ann ach… Léigh tuilleadh