Aon Scéal? – ‘An ríomhaire ilteangach’ faoi chaibidil

An mhí seo caite, rinneadh plé ar An ríomhaire ilteangach ar ‘Aon Scéal?’ ar Raidió na Life. Labhair an t-údar Michal Boleslav Měchura faoin leabhar, ag tagairt do thábhacht an leabhair i gcomhthéacs na teicneolaíochta Gaeilge sa lá atá inniu ann. Is treoirleabhar é An ríomhaire ilteangach a thugann léargas ar nósanna feidhme ríomhairí ó thaobh láimhseáil teanga de. I ndiaidh an phlé le Michal, labhair an léirmheastóir Eoin McEvoy faoina chuid tuairimí ar an… Léigh tuilleadh

Léirmheas Leabhar ar TG4: I dtír mhilis na mbeo

Tá gliondar croí ar fhoireann Cois Life inniu toisc gur roghnaíodh I dtír mhilis na mbeo le Colm Ó Ceallacháin mar ábhar plé ar an gclár Léirmheas Leabhar a léiríodh ar TG4. Bíonn an clár ar siúl ar bhonn míosúil agus déantar plé agus critic ar leabhar ar leith i bhfoirm agallaimh le beirt aíonna. I mbun an phlé bhí Éilis Ní Anluain, úrscéalaí agus scríbhneoir, in éineacht le Jody Coogan, mac léinn dochtúireachta in… Léigh tuilleadh

‘Íbíotsa’ le Labhrás Ó Finneadha – Leabhar an Mheithimh ag ClubLeabhar.com

Is cúis áthais dúinn go bhfuil leabhar le Labhrás Ó Finneadha, Íbíotsa, roghnaithe ag ClubLeabhar.com mar leabhar na míosa seo. Sraith gearrscéalta atá i gceist le Íbíotsa a bhaineann leis an saol ar an oileán Ibiza i lár na Meánmhara.  Tá réimse leathan carachtar le feiceáil tríd síos, idir óg agus aosta, idir Éireannaigh agus muintir an oileáin fhéin.  Nochtar daonnacht agus castacht na ndaoine i measc na scéalta, a chlúdaíonn mothúcháin éagsúla a mheallann an léitheoir… Léigh tuilleadh

FÍSEÁN: Seimineár poiblí ar an ríomhaireacht sa Ghaeilge

Craoladh an seimineár poiblí seo beo ar Facebook ar an 8 Bealtaine 2017. Seo taifead de na fiseáin, agus tá achoimre thíos ar na cainteanna a tugadh agus a n-áit sna físeáin. Oscailt oifigiúil an tseimineáir leis an údar Michal Boleslav Měchura Seimineár ar an ríomhaireacht sa Ghaeilge, beo ó Champas na Naomh Uile, DCU. 00:00 – An tOllamh Kevin Scannell: Struchtúr na Gaeilge mar bhuntáiste sa ríomhtheangeolaíocht. 33:00 – Éamon Ó Dónall: Úsáid éifeachtach…

Léigh tuilleadh

Comhghairdeas ó chroí le Máire Zepf!

Comhghairdeas ó chroí le Máire Zepf, údair linne a ceapadh le déanaí mar an chéad Chomhalta le Scríbhneoireacht do Pháistí in Ollscoil na Ríona, Béal Feirste. Chruthaigh Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann an ról nua seo chun tacú leis an óige, chun tallann scríbhneoireachta a chothú agus a fhorbairt, mar aon le spreagadh a thabhairt do pháistí agus do dhéagóirí a bheith i mbun léitheoireachta. Tréimhse dhá bhliain atá i gceist leis an bpost, a bheidh… Léigh tuilleadh