CRUINNSCRÍOBH: Ceachtanna ar líne anois

An raibh a fhios agat go bhfuil ceachtanna Cruinnscríobh na Gaeilge ar fáil ar ár suíomh nua? Tá siad ann d’éinne a bhfuil fonn orthu feabhas a chur ar a chuid Gaeilge. Tagann na ceachtanna leis na caibidlí atá sa leabhar cló le Ciarán Mac Murchaidh. Muna bhfuil tú… Léigh tuilleadh

SAMPLA: An fuíoll feá / Wood cuttings

AN FUÍOLL FEÁ Cual connaidh an gheimhridh, an fuíoll feá ar fad á láimhseáil á gcarnadh i gcoinne na binne le toise súl don sorn ar ball, ach de réir a dtoisí féin go fóill á socrú mar a oireann, ár n-ál. A meá, a snoí, a luí, a… Léigh tuilleadh

Torthaí Scéim na gCoimisiún: Leabhair ar na bacáin

Tá torthaí Scéim na gCoimisiún fógartha ag Foras na Gaeilge. Dáileann Scéim na gCoimisiún coimisiúin i measc lucht liteartha na Gaeilge sa chaoi is go gcinnteofar soláthar sásúil sna réimsí éagsúla léitheoireachta. D’éirigh linn coimisiún a fháil do sheacht leabhar; úrscéalta stairiúla, leabhair do dhéagóirí agus scéinséir ina measc. Gabhann Cois…

Léigh tuilleadh

Aon Scéal? – ‘An ríomhaire ilteangach’ faoi chaibidil

An mhí seo caite, rinneadh plé ar An ríomhaire ilteangach ar ‘Aon Scéal?’ ar Raidió na Life. Labhair an t-údar Michal Boleslav Měchura faoin leabhar, ag tagairt do thábhacht an leabhair i gcomhthéacs na teicneolaíochta Gaeilge sa lá atá inniu ann. Is treoirleabhar é An ríomhaire ilteangach a thugann… Léigh tuilleadh

Léirmheas Leabhar ar TG4: I dtír mhilis na mbeo

Tá gliondar croí ar fhoireann Cois Life inniu toisc gur roghnaíodh I dtír mhilis na mbeo le Colm Ó Ceallacháin mar ábhar plé ar an gclár Léirmheas Leabhar a léiríodh ar TG4. Bíonn an clár ar siúl ar bhonn míosúil agus déantar plé agus critic ar leabhar ar leith… Léigh tuilleadh

Comhghairdeas ó chroí le Máire Zepf!

Comhghairdeas ó chroí le Máire Zepf, údair linne a ceapadh le déanaí mar an chéad Chomhalta le Scríbhneoireacht do Pháistí in Ollscoil na Ríona, Béal Feirste. Chruthaigh Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann an ról nua seo chun tacú leis an óige, chun tallann scríbhneoireachta a chothú agus a fhorbairt, mar… Léigh tuilleadh