Maitríóisce ar Ghearrliosta Leabhair na Bliana 2012 do CBI

Tá an-áthas ar Cois Life a rá gur gur ainmníodh Mairtríóisce le Siobhán Parkinson ar ghearrliosta Ghradaim Leabhair na Bliana 2012 ag Children’s Books Ireland.  Is féidir é a cheannach anseo>> Bhí thart ar 70 leabhar san iomaíocht don ghearrliosta i mbliana agus dúirt Cathaoirleach na mBreithiúna, Keith O’Sullivan, faoin ngearrliosta ‘tá naoi leabhar den scoth ar an ngearrliosta i mbliana a léiroidh saibhreas agus sásamh na léitheoireachta do léitheoirí óga. Pléitear gach saghas iontu…

Léigh tuilleadh

Alex Hijmans – Léigh gearrscéal nua leis anseo!

Foilseoidh Cois Life cnuasach nua gearrscéalta le Alex Hijmans níos déanaí i mbliana ach chun blaiseadh a thabhairt duit anois, seo ceann de na gearrséalta, ceann a phléann an taobh dorcha den saol sa Bhrasaíl. Buzú Tá an Barra 1307 ag sciurdadh síos cnoc Cabula i dtreo an timpealláin. Tá mo chosa nochta ar an tuairteoir agam agus tá greim lámh agam ar fráma na fuinneoige is faide siar, agus é ar oscailt. Tá Geraldo…

Léigh tuilleadh

Dúlra Oileáin Árann – Con Ó Ruairc ag Féile IMRAM

Eagraíodh ócáid fíorspéisiúil 19 Deireadh Fómhair mar chuid d’Fhéile IMRAM nuair a thug Con Ó Ruairc léiriú sleamhnán agus léacht faoin ábhar in Dúlra Oileáin Árann. Thug an aoichaointeoir Éanna Ní Lamhna an-mholadh do Chon agus mhínigh go raibh aithne na mblianta air agus ardmheas ar a chuid oibre agus a shaineolas. Léirigh Con na tréithe sin go healaíonta ina dhiaidh sin le tour de fource de léacht a chuir gliondar – agus oideachas – ar an…

Léigh tuilleadh

Séadna Seolta !

Sheol an Dr. Neil Buttimer an t-eagrán nua de Séadna leis an Ath. Peadar Ua Laoghaire ar 7.30, 25 Lúnasa i mBaile Bhuirne. D'fhreastail thart ar 150 duine ar an ócáid. Tugaimid an chaint a thug an Dr Butimer anseo thíos: Séadna: Saothar Sagairt. Caint a tugadh ar an 25 Lúnasa 2011 san Ionad Cultúrtha, Baile Bhuirne, Co. Chorcaí, tráth ar seoladh Peadar Ua Laoghaire, Séadna, eag. Liam Mac Mathúna, fara an saothar sin ina Chlosleabhar,… Léigh tuilleadh